Fleadh Fhine Gall Caisleán Shoird 6-9 Meán Fómhair

Beidh Fleadh Fhine Gall ar siúl  idir an 6  agus an 9 Meán Fómhair i gCaisleán Shoird, Co. Átha Cliath

 

 

800 x 1160

Tá seachtain iontach de Cheol, Craic agus Damhsa i ndán dúinn nuair a fhilleann an Fleadh ar Shord ón 6 go dtí an 9 Meán Fómhair agus beidh clár an-spreagúil de cheolchoirmeacha, ceardlanna agus seisiúin saor in aisce ar siúl le roinnt de na daoine is mó le rá i gceol traidisiúnta na hÉireann.   Beidh Caisleán Shoird i gceartlár an imeachta ina mbeidh ceolchoirmeacha le Kíla(Dé hAoine),  Danú (Dé Sathairn), The Dixie Micks agus The Whileaways (Dé Domhnaigh) ar siúl in Ollphuball an Chaisleáin, i measc go leor imeachtaí eile, ach is féidir leat taitneamh a bhaint as an gceol ar fud Shoird tríd an Rian Seisiúin Tithe Tábhairne ceithre lá a leanúint.  Den chéad uair i bhFleadh na bliana seo, beidh sár-imeacht don teaghlach go léir atá saor in aisce ar siúl i mBaile Bhlainséir. Beidh Céilí Mór in Oifigí Cathartha Bhaile Bhlainséir tráthnóna Dé Sathairn tráthnóna idir 3 agus 5pm le brainse Chluain Saileach/Bhaile Bhlainséir de Chomhaltas Slí Dhála.  Má bhain tú sult as an bhFleadh Cheoil i nDroichead Átha, agus má bhraitheann tú uait an ceol, beidh tú an-tógtha leis seo!

Chuir foireann imeachtaí Chomhairle Contae Fhine Gall, i ndiaidh oibriú le go leor grúpaí traidisiúnta, clár ceithre lá d’imeachtaí saor in aisce le chéile a chuirfidh brí agus anam i gCaisleán Shoird le ceol, damhsa, léachtaí agus Aonach Bia Ceardaí agus Ceardaíochta. Beidh Comhaltas Bhaile Átha Cliath ag seinm, chomh maith le Muintir Mulcahy agus scoil Rince Ghaelaigh an Acadaimh Halla Damhsa agus beidh comórtas Seisiún Sráide ar siúl, chomh maith.  Bliain na Gaeilge atá ann i mbliana agus beidh an Ghaeilge i gcroílár an Fhleadh agus beidh na hamhráin Ghaeilge a d’fhoghlaimíomar ar scoil á gcasadh ag John Spillane i Halla Contae an Atrium Dé Sathairn ag 1pm agus beidh Preab-Ghaeltachtaí ar siúl, chomh maith.  Tá gliondar croí ar thithe tábhairne áitiúla chun an Rian Seisiún a chur ar siúl ó oíche Déardaoin agus oíche Dé hAoine agus Dé Sathairn, chomh maith le seisiún tráthnóna Dé Sathairn ó 4pm agus Dé Domhnaigh ó 6pm agus i measc na n-ealaíontóirí, beidh Niamh Parsons agus Graham Dunne, Ciotóg, The Mulcahys agus John Spillane. Beidh rogha mhór fhairsing bialann áitiúil ar fáil do dhaoine a thugann cuairt ar an bhFleadh agus is fiú iad a bhlaiseadh fad a bhíonn siad ar cuairt.

Ag labhairt dó faoin bhFleadh a bheidh ag teacht aníos, dúirt Paul Reid, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, “Tá an chosúlacht air go mbeidh Fleadh Fhine Gall 2018 fiú níos fearr ná an chéad Fhleadh anuraidh, a raibh an rath geal air. Bainfidh luach mór leis an bhFleadh don gheilleagar áitiúil, agus tabharfaidh sé an deis do chónaitheoirí agus cuairteoirí chun taitneamh a bhaint as scoth an cheoil thraidisiúnta agus an chultúir.” 

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Anthony Lavin, “Táim ag tnúth go mór le Fleadh Fhine Gall, a chruthaíonn deis iontach chun tallann cheoltóirí, amhránaithe agus rinceoirí traidisiúnta áitiúla agus ar cuairt a thaispeáint. Cuirfidh an t-imeacht ceithre lá siamsaíocht teaghlaigh iontach saor in aisce ar fáil don phobal áitiúil.” 

Cuirfear tús leis an bhFleadh le ceolchoirm dhlúth le Lumiere a bheidh ar siúl sa Séipéal ghleoite i gCaisleán Meánaoiseach Shoird Déardaoin, an 6 Meán Fómhair ag 8pm (caithfidh cuireadh a bheith agat) agus leanfaidh sé ar aghaidh go dtí tráthnóna Dé Domhnaigh.  Mar sin, bí cinnte cuairt a thabhairt ar an imeacht a bheidh ina dheireadh seachtaine iontach de cheol, damhsa agus spraoi don teaghlach, agus ná déan dearmad - tá gach imeacht saor in aisce ag an bhFleadh! 

Chun teacht ar shonraí iomlána, féach Facebook ag www.facebook.com/FingalFleadhFair  nó  www.facebook.com/EventsinFingal  nó www.fingal.ie

 

Fleadh Fhine Gall 2018 Clár 

Fleadh Fhine Gall Gaeltacht

Fleadh Fhine Gall 2018 Mapa