Cláraigh leis an Leabharlann
Má cheapann tú nach raibh i leabharlanna ach leabhair, tá dul amú ort!
Cláraigh leis an Leabharlann
Má cheapann tú nach raibh i leabharlanna ach leabhair, tá dul amú ort! RoinnConas clárú leis an leabharlann. Is féidir clárú ar líne anois cliceáil anseo - Leabharlanna Poiblí na hÉireann
Is féidir leat clárú i do leabharlann áitiúil freisin. Tabhair leat cruthúnas aitheantais bailí a bhfuil grianghraf air agus cruthúnas ar do sheoladh reatha.
Tá ballraíocht le fáil saor in aisce do chách. Má tá tú idir 15-17 mbliana d’aois, is gá do thuismitheoir/chaomhnóir an fhoirm iarratais a shíniú. Má tá tú idir 12-14 bliana d’aois, ní mór go mbeadh do thuismitheoir/chaomhnóir leat sa leabharlann nuair atá an fhoirm iarratais á síniú agat.
Má cheapann tú nach raibh i leabharlanna ach leabhair, tá dul amú ort! Léirítear san fhíseán seo na rudaí iontacha ar fad is féidir leat a dhéanamh i do leabharlann áitiúil i gContae Bhaile Átha Cliath Thuaidh.
Anuas ar do scíth a ligean agus staidéar a dhéanamh, an raibh a fhios agat gur féidir leat ríomhleabhar a íoslódáil, cluiche ríomhaire a imirt, nó DVD a fháil ar iasacht ón leabharlann áitiúil? Bíonn imeachtaí iontacha ar siúl againn gach seachtain freisin – clubanna scannán agus ceardlanna Coder Dojo mar shampla.
Tabhair cuairt orainn ar líne nó buail isteach chuig do leabharlann áitiúil chun tuilleadh eolais a fháil.