Dámhachtainí Fhine Gall do Phobail Níos Glaise 2019

Greener Communities award night

Ar an Déardaoin, an 3 Deireadh Fómhair, 2019, réachtáladh Dámhachtainí Fhine Gall do Phobail Níos Glaise i Halla an Chontae, Sord.  Le himeacht na mblianta, tá an comórtas tábhachtach seo i ndiaidh cur leis an gcaidreamh atá ag Comhairle Contae Fhine Gall le cónaitheoirí, grúpaí pobail agus daoine aonair sa chontae.  I láthair ar an oíche bhí Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Eoghan O’Brien agus Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly. 

I mbliana, leagadh béim ar líon na bpailneoirí agus bithéagsúlacht a mhéadú agus ar phobail inbhuanaithe a chothú, príomhról ar féidir linn ar fad a bheith páirteach ann chun todhchaí níos inbhuanaithe a chruthú. Chomh maith leis sin, spreagadh pobail chun ról níos mó a bheith acu inár bhfreagairt chomhshaoil d’athrú aeráide agus d’fheabhsuithe comhshaoil.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Méara Fhine Gall, Eoghan O’Brien: “Cothaíonn dámhachtainí na bPobal Níos Glaise spiorad pobail iontach - ba cheart dúinn a bheith fíorbhuíoch de na daoine a spreagann an chuid eile againn a bheith mórtasach as ár dtimpeallacht”. 

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an bPríomhfheidhmeannach, AnnMarie Farrelly, “I mbliana bhí an caighdeán níos airde ná riamh roimhe seo agus is aitheantas leanúnach é don imní agus don bhród atá ar chónaitheoirí, grúpaí pobail agus daoine aonair i bhFine Gall maidir leis an timpeallacht ina bhfuilimid ag obair agus ag maireachtáil”.

I measc na ndaoine a bhronn dámhachtainí bhí Craig Benton, Benton Ecological Solutions, Roger Warburton, Rediscovery Centre, Baile Munna, John Daly, Stiúrthóir Gníomhach na Roinne Comhshaoil, Gníomhú ar son na hAeráide agus Seirbhísí Uisce, agus Fionnuala May, Ailtire Contae, Comhairle Contae Fhine Gall.

Ghlac go leor grúpaí pobail as ar fud Fhine Gall páirt san imeacht i mbliana, agus bhí breis is 100 iontrálaí ar fad ann ó chatagóirí éagsúla, idir an Dámhachtain don Ghairdín is Fearr ag Tosach an Tí agus an Dámhachtain Bithéagsúlachta.  Bronnadh 40 duais ar fad ar an oíche. Bronnadh an duais mhór ar Fhoireann BhainistíochtaEastát Bhaile an Fhaoitigh as an obair iontach atá déanta acu agus as a dtiomantas dá gceantar.

Thagair Sinead Fox agus Carla McKenna, Oifigigh Oideachais Comhshaoil, a d’eagraigh an t-imeacht, don obair mhór a rinne na hiarratasóirí ar fad, agus thréaslaigh siad leo siúd ar bronnadh dámhachtainí orthu. “Is dlúthchuid den saol é an bhithéagsúlacht, agus tá ról againn ar fad i gcosaint agus i bhfeabhsú na bithéagsúlachta atá inár gcontae féin. Go raibh maith agaibh ar fad as cabhrú linn ócáid den scoth a reáchtáil.”

Cothaíonn dámhachtainí na bPobal Níos Glaise spiorad pobail iontach - ba cheart dúinn a bheith fíorbhuíoch de na daoine a spreagann an chuid eile againn a bheith mórtasach as ár dtimpeallacht

Fingal Cleaner Communities winners 2019

Seo thíos liosta de na buaiteoirí ar fad:

Gnó & Pobal

Adopt a Patch

Bailte Slachtmhara Chaisleán Cnucha

Scoil Náisiúnta Naomh Lúcáis, Baile an Tirialaigh

 

Melville Bhaile Maidheac

 

Foireann Bhainistíochta Eastát Bhaile an Fhaoitigh

 

Grúpa Cheantair Shlachtmhara Seabury

An Sráidbhaile is Fearr

Clg Fhóram Bhaile Dúill

Caisleán Cnucha

Gairdíní Bhéal Átha Liag

 

 

Cósta

Tionscadal Uaschúrsála

Bailte Slachtmhara an Rois

Grúpa Cheantair Shlachtmhara Seabury

Bailte Slachtmhara na Sceirí

Diana O’Donohoe

 

Sustainable Skerries

 

Bailte Slachtmhara na Sceirí

 

Bailte Slachtmhara Bhaile Brigín

 

 

 

 

Bithéagsúlacht

Gníomhú ar son na hAeráide

Bailte Slachtmhara na Sceirí

Ionad Pobail Bhaile an Huntaigh

Baile Slachtmhara an Rois

Baile Slachtmhara an Rois

Bailte Slachtmhara Bhaile Brigín

CLG Fhinnéin

Gairdín Pobail an Mhóinéir Leathain

Grúpa Pobail Chéide Bhaile an Bhlácaigh

Sustainable Skerries

Bailte Slachtmhara na Sceirí

Foireann Bhainistíochta Eastát Bhaile an Fhaoitigh

Bailte Slachtmhara Bhaile Brigín

 

 

Gairdín ag Tosach an Tí

Eastát Tithíochta

S. Hayden

Gairdíní Bhéal Átha Liag

B. & R. Barden

Grúpa Cheantair Shlachtmhara Seabury

E. McSherry

Árasáin Chloch Dábhiolla, Na Sceirí

A. Falvey

Cumann cónaitheoirí Chúirt Phámar

V. Byrne

 

 

 

An Baile is Fearr

Buaiteoir na Príomhdhuaise

Lusca

Foireann Bhainistíochta Eastát Bhaile an Fhaoitigh

Buaiteoirí na Príomhdhuaise, Foireann Bhainistíochta Eastát Bhaile an Fhaoitigh - Robyn Ashe, Joseph Bennett agus Samantha Hanna, leis an bPríomhfheidhmeannach Annemarie Farrelly agus Méara Fhine Gall Eoghan O'Brien, ag Searmanas na nDámhachtainí do Phobail Níos Glaise i gComhairle Contae Fhine Gall.