Beidh Sráidbhaile Fhine Gall suite sa Ghairdín Múrtha draíochtúil i mbliana, agus beidh sé ina óstach do ranna iomadúla na comhairle ar mhian leo dul i ngleic leis an bpobal trí léirithe idirghníomhacha faoina gcuid oibre faoi seach.
D’fhógair Comhairle Contae Fhine Gall inniu go bhfuil Jons Civil Engineering ceaptha mar chonraitheoirí le haghaidh Bealach Coisithe agus Rothaíochta Bhóthar Harry Reynolds.
Tugann Comhairle Contae Fhine Gall, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a dílsítear di leis an Acht Rialtais Áitiúil 2001 arna leathnú le hAlt 89 d’ACHT NA GCUANTA 1996 fógra leis seo go bhfuil beartaithe aici Fodhlíthe Cuain Chomhairle Contae Fhine Gall 2023 a ghlacadh.
Comhthoghadh comhairleoir nua de chuid an Lucht Oibre go hoifigiúil ar Chomhairle Contae Fhine Gall inniu, mar gur líon an Comhairleoir Brendan Ryan an suíochán a fágadh folamh nuair a d’éirigh Seána Ó Rodaigh as. Déanfaidh an Comhairleoir Ryan ionadaíocht ar Thoghcheantar Áitiúil Bhaile Brigín.
Cuireann sé áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall a fhógairt go mbeidh clár spreagúil ilghnéitheach Chruinniú na nÓg ar siúl Dé Sathairn, 10 Meitheamh 2023.