Chinn Comhairle Contae Fhine Gall tráthnóna inniu go rachaidh sí ar aghaidh le feabhsúcháin a dhéanamh ar an bhFearann Poiblí ar an tSráid Nua, Mullach Íde agus tá an mhionobair ina leith le tosú sna seachtainí le teacht.
Leagtar amach sa phlean forleathan creat straitéiseach atá dírithe ar shé phríomhghealltanas: tús áite a thabhairt don spórt agus don ghníomhaíocht coirp; inrochtaineacht a fheabhsú do chách; próifíl agus infheictheacht gníomhaíochtaí spóirt a ardú; béim a chur ar rannpháirtíocht lasmuigh; áiseanna ardchaighdeáin a fheabhsú; agus comhoibriú le páirtithe leasmhara a chothú.
Beidh reifrinn ar siúl an 8 Márta 2024 agus Toghchán Áitiúil i mí an Mheithimh 2024. Bí cinnte go n-áireofar do vóta le go mbainfear an leas is fearr as. Cláraigh, seiceáil nó nuashonraigh do chuid sonraí ar www.voter.ie inniu!
D’fhoilsigh Comhairle Contae Fhine Gall an Tuarascáil ar Bhearna Pá Inscne aici inniu, a leagann béim ar an difríocht idir an méid a íoctar d’fhir agus do mhná ar an meán san eagraíocht, beag beann ar ról nó ar leibhéal.
Bliain mhór an dul chun cinn a bhí ann do Chlár €50 milliún Athnuachana Ár mBaile Brigín. Cuireadh tús leis an bplean, atá mar aidhm aige úsaid a bhaint as infheistíocht phoibl chun bunathrú a dhéanamh ar an mbaile, le hobair ar roinnt príomhthionscadal an bhonneagair atá már lárchuid den tionscnamh ollmhór.
Tá áis cheannródaíoch a dearadh le haghaidh spiorad an phobail a chothú agus le haghaidh cáilíocht na beatha a fheabhsú do chónaitheoirí Bhaile Dúill agus don cheantair máguaird nochtaithe ag Comhairle Contae Fhine Gall.
Beidh Comhairle Contae Fhine Gall ag glacadh le crainn Nollag le hathchúrsáil ag na láithreacha seo a leanas ón 2ú go dtí an 16 Eanáir 2024. Tabhair ar aird le do thoil nach nglacfar ach amháin le crainn Nollag ag na suíomhanna thuas, ní ghlacfar le dramhaíl ghlas eile, seastáin crann Nollag, srl
Dúnfar Oifigí Chomhairle Contae Fhine Gall don phobal do thréimhse na Nollag ag 4.30pm Dé hAoine an 22 Nollaig, 2023 agus athosclófar siad ag 9am Dé Máirt an 2 Eanáir, 2024.