Council

15 Nov 2023

Maoiniú na bliana 2024 le haghaidh oibreacha caomhantais agus deisiúcháin i bhFine Gall

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag tabhairt cuireadh anois d’iarratais faoi roinnt scéimeanna le haghaidh oibreacha atá le déanamh sa bhliain 2024 ar thionscadail deisiúcháin nó chaomhnaithe ar scála beag, meánach nó mór ar Struchtúir Chosanta agus, i gcásanna áirithe, ar fhoirgnimh a fheabhsaíonn Limistéir Chaomhantas na hAiltireachta laistigh de cheantar Fhine Gall. Sé DÉ hAOINE an 19 EANÁIR 2024 an dáta deiridh le haghaidh iarratais a fháil.

07 Nov 2023
Inclusion

Seachtain um Ionchuimsiú Sóisialta Fhine Gall 2023 – #TabhairCuireadhÁirighBíPáirteach

Is tionscnamh é Seachtain um Ionchuimsiú Sóisialta Fhine Gall 2023 atá á stiúradh ag Comhairle Contae Fhine Gall, Oifig Imeasctha Chomhairle Contae Fhine Gall. Is é 2023 an cúigiú bliain de Sheachtain um Ionchuimsiú Sóisialta Fhine Gall. Beidh thart ar 70 imeacht ar siúl ar fud Chontae Fhine Gall ó Luan an 13ú Samhain go dtí Dé Domhnaigh an 19ú Samhain. Tá imeachtaí uile Sheachtain um Ionchuimsiú Sóisialta Fhine Gall saor in aisce le freastal orthu agus oscailte do chách.

Heritage and Conservation

Oidhreachtaí Coimhlinte Fhine Gall 1914-1945

Is iomaí scéal a bhaineann le ré na coimhlinte i bhFine Gall idir 1914 agus 1945. Tá cuid acu ar eolas agus á gcomóradh go forleathan, seans go bhfuil scéalta eile nach bhfuil ar eolas ach i dteaghlaigh nó i bpobail áitiúla amháin.

Tuairiscigh Stoc-charnadh Tine Chnámh & Maithiúnas Oíche Shamhna ag Ionaid Athchúrsála Fhine Gall

Caithfidh Comhairle Contae Fhine Gall thart ar €150,000 ar ghlanadh agus deisiú damáiste a dhéanann tinte cnámh mídhleathacha. Roimh Oíche Shamhna, déanfaidh ár bhfoirne oibríochtaí ruathair stoc-charnadh agus bainfidh siad ábhar tine chnámh amhail pailléid, troscán, boinn srl.

Má fheiceann tú ábhar á bhailiú agus á stoc-charnadh agus má tá imní ort go bhféadfaí é a úsáid le haghaidh tine chnámh, déan teagmháil le Comhairle Contae Fhine Gall le do thoil.