Cuireadh tugtha do Ghrúpaí an Phobail Fhine Gall iarratas a chur isteach ar mhaoiniú faoin gClár Feabhsúcháin Áitiúil (CFÁ) 2024

Tugtar cuireadh do Ghrúpaí an Phobail agus Deonacha i bhFine Gall iarratas a chur isteach ar mhaoiniú faoin gClár Feabhsaithe Áitiúil (CFÁ) 2024.

LCDC header

Tugtar cuireadh do Ghrúpaí an Phobail agus Deonacha i bhFine Gall iarratas a chur isteach ar mhaoiniú faoin gClár Feabhsaithe Áitiúil (CFÁ) 2024. Dearadh an Clár le haghaidh tacaíocht maoinithe caipitil a chur ar fáil do raon leathan agus éagsúil na nGrúpaí áitiúla, go háirithe iad siúd ó cheantair faoi mhíbhuntáiste. Tá maoiniú ar fáil chun tacú le hoibreacha beaga caipitil/feabhsuithe agus le trealamh a cheannach lena úsáid ag an bpobal, sé sin boird agus cathaoireacha, uirlisí agus comharthaíocht, ríomhairí glúine agus printéirí, lomairí faiche, ceannbhrait agus trealamh oiliúna.

Tá Clár Feabhsúcháin Áitiúil na blianan2024 arna mhaoiniú ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus tá  €220,842.98 san iomlán ar fáil 'd'Fhine Gall lena bhronnadh ar Ghrúpaí ar fud an chontae. Chuir an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys TD, agus an tAire Stáit le freagracht as Forbairt Pobail agus Carthanas, Joe O’Brien TD, tús leis an gClár i mí Nollaig na bliana 2023 agus maoiniú caipitil náisiúnta €6 milliún á fhógairt acu.

Tá an CFÁ 2024 arna mhaoiniú ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail. Féach ar an nasc seo a leanas leis an bpreasráiteas ag fógairt Cláir Feabhsúcháin Áitiúil na bliana 2024 ar leibhéal náisiúnta, ag an Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys TD, agus ag an Aire Stáit le freagracht as Forbairt Pobail agus Carthanas, Joe O’Brien TD: [Preasráiteas]

Tá an CFÁ 2024 faoi riar Coiste Forbartha Áitiúla an Phobail (CFÁP) i limistéar gach Údaráis Áitiúil. Tá sé mar aidhm ag an maoiniú tacú le tosaíochtaí straitéiseacha áitiúla agus á nascadh le Plean Eacnamaíocht Áitiúil na bPobal (PEÁP) de chuid na Comhairle.

Tá maoiniú €36,807.17 ar leith mar chuid den leithdháileadh €220,842.98 don Comhairle chun tacaíocht a thabhairt do do Ghrúpaí Ban Fhine Gall mar aitheantas ar an méadú ar líon Seideanna na mBan, agus ar na grúpaí áitiúla a gcuireann líonraí sóisialta ar fáil do mhná.

Tá iarratais á lorg anois ó Ghrúpaí an Phobail agus Deonacha i bhFine Gall ar dheontais suas go dtí €10,000 le haghaidh Maoiniú Caipitil agus sé an dáta deiridh chun iarratais a fháil ná Dé hAoine an 8 Márta 2024 ag 5in.

Agus fáilte á chur aige roimh Chlár Maoinithe Caipitil an CFÁ don bhliain 2024, dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Adrian Henchy: “Is tacaíocht Thabhachtach an airgeadais caipitil é Clár Feabhsúcháin Áitiúil 2024 do Ghrúpaí agus d'Eagraíochtaí an Phobail  ar fud Fhine Gall, go háirithe iad siúd  gceantair faoi mhíbhuntáiste, a chabhróidh leo deisiúcháin riachtanacha agus feabhsuithe a dhéanamh ar a gcuid áiseanna. Tá áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall an tacaíocht seo a thairiscint chun cabhrú le grúpaí agus d'eagraíochtaí an phobail a chur ar a gcumas áiseanna tabhachtacha an phobail a chur ar fáil ina gceantair áitiúla agus mholfainn go gcuirfeadh gach grúpa iarratas isteach gan mhoill.”

Ag trácht á dhéanamh aici ar an gClár Maoinithe Feabhsúcháin Áitiúil, dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Tá maoiniú suntasach ar fáil faoin CFÁ a chuireann le maoiniú eile atá ar fáil do ghrúpaí ó Chomhairle Contae Fhine Gall. Is mór é an meas atá ag Comhairle Contae Fhine Gall ar obair Grúpaí an Phobail agus Deonacha agus cuirfidh an CFÁ tacaíocht ríthábhachtach an airgeadais  ar fáil do na grúpaí seo chun an obair thabhachtach atá á dhéanamh acu laistigh dár gcuid phobal a éascú. Mholfainn go ndéanfadh gach Grúpa an Phobail an CFÁ a scrúdú agus an deis a thapú cur isteach ar an maoiniú má bhaineann sé lena chuid ghníomhaíochtaí.”

Tá sonraí iomlána ar Chlár Feabhsúcháin Áitiúil na bliana 2024 agus conas iarratas a dhéanamh air le feiceáil ar líne ag: 

Foirm Iarratais ar Scéim Mhaoiniú Caipitil Grúpaí an Phobail agus Deonacha: Fingal Coco (submit.com)

Foirm Iarratais ar Mhaoiniú Caipitil do Sheideanna, do Ghrúpaí agus do Líonraí na mBan: Fingal Coco (submit.com)

Ba cheart gach fiosrúchán ar Chlár Feabhsúcháin Áitiúil (CFÁ) don bhliain 2024 a sheoladh chuig [email protected]