6: Spóirt uisce
![Malahide marina](/sites/default/files/styles/widescreen_television/public/2019-04/malahide_dsc7154.jpg?h=7fef49bc&itok=6O_Dy3y9)
Is áit iontach é cósta Fhine Gall do theaghlaigh triail a bhaint as spóirt uisce. Chomh maith leis na láithreacha cois farraige, soláthraíonn na hinbhir intíre deiseanna chun triail a bhaint as rud éigin difriúil go slán sábháilte.
Tá clubanna seoltóireachta i mBinn Éadair, Mullach Íde agus na Sceirí ar féidir leo cúrsaí seoltóireachta a sholáthar do thosaitheoirí agus do na mairnéalaigh farraige a bhfuil níos mó taithí acu. Tá go leor soláthraithe ag tairiscint cadhcála agus seaschéaslóireachta i gceantar Fhine Gall. Tá turais eagraithe cadhcála farraige ar fáil i mBinn Éadair agus sna Sceirí, ina bhféadfaidh tú teach solais Bailey agus oileáin na Sceirí a fheiceáil.
Tá ranganna i seoltóireacht dingí ar fáil ó sholáthraithe i Mullach Íde agus Sord. Is áit mhaith é inbhear Abhann Ghabhra le haghaidh surfála i dtimpeallacht réasúnta sábháilte.