Bí Réidh do Brexit
![Brexit](/sites/default/files/styles/widescreen_television/public/2019-08/brexit_image.jpg?h=1141f7d2&itok=6pLVkYnH)
Ós rud é go bhfuilimid ag teannadh le spriocdháta an 31 Deireadh Fómhair, tá gnóthaí ag leanúint lena n-ullmhúcháin don tionchar iomlán a d’fhéadfadh a bheith ag iarmhairt neamhfhabhrach BREXIT.
Tá teachtaireacht shoiléir á tabhairt ag Oifig Fiontair Áitiúil (OFÁ) Fhine Gall do ghnóthaí beaga a bheith rannpháirteach láithreach lena chinntiú go bhfuil siad ullmhaithe go cuí don chás is measa, Brexit crua.
Mar mhoil ina bhfuil saineolas, faisnéis agus tacaíochtaí praiticiúla á gcur ar fáil, is féidir le foirne Oifigí Fiontair Áitiúil cabhrú leat do fhreagairt do Brexit a bhainistiú trí raon roghanna difriúla:
- Scórchártaí agus seicliostaí chun cabhrú le pleanáil
- Meantóireacht duine le duine
- Custaim, Sainoiliúint agus sainchomhairleoireacht
- Tacaíochtaí airgeadais
- Rochtain ar líonraí tacaíochta ar fud an domhain
- Imeachtaí tiomnaithe Brexit
Chomh maith leis sin, tairgeann OFÁ Fhine Gall ceardlanna oiliúna Custaim in ionad Fiontraíochta BEaT agus i mBaile Brigín agus in ionad Oiliúna Réigiúnach an IDA i mBaile Cúlann. Reáchtálfar an chéad cheardlann eile ar an Aoine, an 4 Deireadh Fómhair. Tá treoir úsáideach maidir le Tacaíochtaí Brexit, atá ar fáil anseo forbartha ag OFÁ