Tithíocht

Beidh leathbhliain ghnóthach eile ag Comhairle Contae Fhine Gall go deireadh 2019 agus a Clár Tógála Tithíochta Sóisialta fós á chomhlíonadh acu de réir sprice.

De bharr an fháis tréan idir 2015-2018, bhain Fine Gall breis agus a spriocanna amach faoin gClár Éire a Atógáil nuair a chuir siad 4,000 réiteach tithíochta ar fáil. 

Tá Fine Gall ag leanúint ar aghaidh lena clár uaillmhianach um thithíochta sóisialta agus obair thógála ar siúl i sé láithreán ar fud Fhine Gall faoi láthair. Tá eolas breise maidir leis an gClár Tógála Tithíochta iomlán le fáil anseo.

Tugtar léargas sna físeáin ghearra seo a leanas ar conas a théann Comhairle Contae Fhine Gall i ngleic leis an ngéarchéim thithíochta trína clár tógála le blianta beaga anuas. Cliceáil anseo.

An Tionscadal ‘Talamh’

Tá Comhairle Contae Fhine Gall tar éis Oifig Chláir nua a bhunú chun a bheith ar thús cadhnaíochta sa tionscadal ‘Talamh’. Is é is aidhm leis an tionscadal ‘Talamh’ ná forbairt straitéiseach a dhéanamh ar chúlsoláthar móra talún ar fud Fhine Gall a bhfuil sé d’acmhainn acu breis agus 2,000 teach a sholáthar thar an 5-10 mbliana seo atá romhainn amach.

Táthar tar éis Oifig Chláir a bhunú chun a bheith i gceannas ar obair na Comhairle maidir le tograí tionscadail a anailísiú agus a mheasúnú agus an cur chuige is fearr ó thaobh na forbartha a roghnú.

Tá an Oifig sin freagrach as tionscadail um fhorbairt chónaitheach a sholáthar, a bhainistiú agus a thabhairt chun críche ar an talamh seo.

Aimsigh níos mó eolais anseo.

 

Maoin ag Teastáil

Táimid ag lorg maoine ar chaighdeán maith, troscánaithe ina iomláine agus atá folamh ina bhfuil 1,2,3 agus 4 sheomra codlata ar fud cheantar Fhine Gall le haghaidh ár Rental Accommodation Scheme For Landlords and long Term Leasing Schemes.

Aimsigh níos mó eolais here.