Oidhreacht agus Caomhnú

Tionscadal Ainmneacha Páirce Fhine Gall

Oidhreacht agus Caomhantas

Tá sé mar aidhm ag Tionscadal Ainmneacha Páirceanna Fhine Gall oidhreacht shaibhir ainmneacha páirceanna agus oidhreacht ghaolmhar inár dtírdhreacha áitiúla a iniúchadh agus iad a thaifeadadh. Tá ainm, nó bhí ainm tráth, ar gach páirc i bhFine Gall, agus ar fud na hÉireann. D’fhéadfadh ainmneacha a bheith bunaithe ar thopagrafaíocht na talún, nó úinéirí na talún, nó b’fhéidir go ndéanann siad cur síos ar chuspóir nó ar mhéid na páirce nó d’fhéadfaidís baint le himeacht éigin a tharla sa pháirc. Le chéile, insíonn na hainmneacha seo go leor dúinn faoi stair agus oidhreacht ár dtírdhreach áitiúil. Tríd an tionscadal seo, cuirfimid tús leis an tasc ainmneacha páirceanna Fhine Gall a thaifeadadh, a anailísiú agus a fhoilsiú agus déanfaimid an tsócmhainn shárluachmhar oidhreachta cultúrtha seo a chosaint do na glúine atá le teacht.

Grianghraf:  Cnoc Crochta, Barr na gCaorach, na Sceirí

 

Hanging Hill Barnageeragh

In 2018 fostaíodh Abarta Heritage chun oiliúint a chur ar ghrúpaí ar fud an Chontae lena n-áirítear Cumann Staire na Sceirí, Cumann Staire Bhaile Brigín agus Cheantar Bhaile Brigín, Cumann Staire Bhaile Gháire, Cumann Staire Bhaile Bachaille agus grúpaí ó Bhaile Átha Cliath 15 chomh maith le daoine aonair ó Ros, Lusca, Faoldroim, Clochrán agus Baile an Rólaigh. Forbraíodh bileog taifeadta suirbhé, bunachar sonraí agus lámhleabhar don tionscadal. Tá 900 ainmneacha páirceanna in iomlán taifeadta ag oibrithe deonacha le linn Chéim 1 agus Chéim II den tionscadal  ag gabháil cuid dár n-oidhreacht atá i mbaol imeacht.

Ó 2018 i leith, tugadh an oiliúint agus na scileanna d’oibrithe deonacha ar fud an chontae le bheith in ann ainmneacha páirceanna a gceantar féin a thaifeadadh. Téann siad i gcomhairle le sean-léarscáileanna agus cáipéisí, ag labhairt le feirmeoirí agus ag bailiú an oiread eolais agus is féidir leo. Seo roinnt d'ainmneacha na bpáirceanna i bhFine Gall a bailíodh mar chuid de Thionscadal Ainmneacha Páirceanna Fhine Gall: ‘Back of the Yard’, ‘Front of the House’, ‘Ladies Stairs’, ‘Long Leg’ agus ‘Collier’s Horn’. Mar chuid de Sheachtain Oidhreachta 2019, d’eagraigh Arbarta Heritage  imeacht dar teideal Scéalta ó Pháirceanna Fhine Gall, áit ar roinn oibrithe deonacha na scéalta, na cuimhní cinn agus ainmneacha na bpáirceanna a bhí bailithe acu.

Tá fáilte mhór roimh oibrithe deonacha nua a bheith páirteach sa tionscadal iontach seo. Tá sé oscailte d’aon duine atá ag iarraidh níos mó a fhoghlaim faoi oidhreacht Fhine Gall agus an deis a thapú cur le píosa ríthábhachtach d’oidhreacht doláimhsithe agus í a thaifeadadh sula gcaillfear í.

Grianghraf: Scéalta ó Pháirceanna Fhine Gall

 

Stories from Fingal's Fields

Más mian leat a bheith páirteach i dTionscadal Ainmneacha Páirceanna Fhine Gall déan teagmháil le:

Christine Baker, nOifigeach Oidhreachta

Tel:  01 8905691

Email:  [email protected]