Is tionscnamh de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall é Fine Gall Digiteach. Is é an phríomhaidhm atá le Fine Gall Digiteach iarracht a dhéanamh a chinntiú gurb é Fine Gall an áit is rogha le daoine chun maireachtáil ann, a bheith ag obair ann, cuairt a thabhairt air, agus gnó a dhéanamh ann in Éirinn. Tá Straitéis Dhigiteach á forbairt i gcomhar le páirtithe leasmhara pobail agus gnó chun tacú leis an bhfís seo. Is ionad ilfhreastail é Fine Gall Digiteach do gach gné dhigiteach de shaol Fhine Gall, taispeánfar na tionscadail dhigiteacha atá ar bun i bhFine Gall, agus tabharfar léargas ar an dul chun cinn atá déanta maidir le Straitéis Fhine Gall Digiteach.
![Fingal Digital Strategy 1](/sites/default/files/styles/traditional_television/public/2019-07/digital_fingal_strategy_pic_2.jpg?h=c902f018&itok=A3UwibLN)
Straitéis Dhigiteach Fhine Gall
Tá Straitéis Dhigiteach d’Fhine Gall á hullmhú ag Comhairle Contae Fhine Gall, ina ndéanfar cur síos ar conas is féidir leis an teicneolaíocht cabhrú leis an gcaoi a gcaithimid ár saol, a ndéanaimid ár gcuid oibre agus gnó i bhFine Gall. Tá an Chomhairle ag iarraidh ar bhaill den phobal an méid ba mhaith leo a fheiceáil sa Straitéis a chur in iúl.
![Steora](/sites/default/files/styles/traditional_television/public/2019-05/steora_cover.jpg?h=2f1f29c4&itok=9dGg4Epk)
Wi-Fi Poiblí Fhine Gall
Tá Comhairle Contae Fhine Gall tiomanta do bhonneagar agus seirbhísí digiteacha an Chontae a fhorbairt agus a fheabhsú. Beidh sé ina sócmhainn mhór dár gcuairteoirí, dár ngnóthaí agus dár gcónaitheoirí teacht a bheith ar fáil ar Wi-Fi poiblí saor a in aisce inár mór-lár bailte agus sráidbhailte.
![Unheard Voices launch](/sites/default/files/styles/traditional_television/public/2019-07/unheard_voices_launch.jpeg?h=137c05af&itok=q52pMUzf)
Guthanna Nach gCloistear
Úsáid á baint ag Comhairle Contae Fhine Gall agus Comhairle Cathrach Chorcaí as teicneolaíocht chun éisteacht le guthanna nach raibh le cloisteáil roimhe seo nuair a bhí cinntí áitiúla á ndéanamh.
![Fingal County Council has been shortlisted for four Ireland eGovernment Awards which recognise organisations that are pioneering changes and helping deliver better online services.](/sites/default/files/styles/traditional_television/public/2019-07/egovernment_awards.jpg?h=fd733b22&itok=ch9dFNhS)
Comharthaíocht
Comharthaíocht le Route4U: Conas is féidir inrochtaineacht a fheabhsú áit ar bith in Éirinn? Níl ag teastáil ach 30 soicind agus fón cliste.
![All Ireland Smart Cities Forum](/sites/default/files/styles/traditional_television/public/2019-07/aiscf.jpg?h=243fb892&itok=eHczhzuN)
Fóram Cathracha Cliste Uile-Éireann
Is cleachtas poiblí é an Fóram Cathracha Cliste Uile-Éireann atá dírithe ar fhorbairt cathracha i bPoblacht na hÉireann agus i dTuaisceart Éireann trí chur i bhfeidhm, agus cruthú luacha ginte ag cláir cathracha cliste.
![Smart Dublin Group](/sites/default/files/styles/traditional_television/public/2019-07/smart_d_groups-3.jpg?h=99463cfb&itok=5kxjfPAz)
Baile Átha Cliath Cliste
Is tionscnamh de chuid na gceithre údarás áitiúil i mBaile Átha Cliath é Baile Átha Cliath Cliste; Comhairle Contae Fhine Gall, Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas, agus Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath
![Hale and Hearty](/sites/default/files/styles/traditional_television/public/2021-06/hale-and-hearty.png?h=81f89684&itok=sj2dGqmZ)
Lúfar agus Láidir
Is tionscadal atá maoinithe ag an AE é Lúfar agus Láidir a bhfuil sé mar aidhm aige rochtain ar eolas sláinte agus folláine a fheabhsú.
![Smart balbriggan](/sites/default/files/styles/traditional_television/public/2021-06/smart-balbriggan.png?itok=_QXUPEXy)
Baile Brigín Cliste
Roghnaíodh Baile Brigín mar an chéad bhaile in Éirinn a ainmníodh mar Cheantar Cliste agus é ag dul chun tosaigh i dtionscadail chliste chun seirbhísí a fheabhsú, poist a chruthú agus pobal níos fearr a thógáil.