Folúntais Reatha agus Torthaí
Folúntais Reatha
Tá iarratais á lorg ag Comhairle Contae Fhine Gall do na folúntais seo leanas:
Feirmeoir Maoirseach |
https://careers.fingal.ie/ | Dé hAoine 14 Feabhra 2025 |
Leas-Oifigeach Ealaíon an Chontae |
https://careers.fingal.ie/ | Dé Céadaoin 5 Feabhra 2025 |
Bainisteoir Ionad Oiliúna Réigiúnach |
https://careers.fingal.ie/ | Dé hAoine 7 Feabhra 2025 |
Oifigeach Sinsearach Forbartha Fiontair |
https://Careers.fingal.ie | Dé hAoine 7 Feabhra 2025 |
Garda Tarrthála Trá |
https://Careers.fingal.ie | Dé hAoine 28 Feabhra 2025 |
Is Fostóir Comhdheiseanna í gComhairle Contae Fhine Gall.
Dícháileofar canbhasáil go huathoibríoch
Eolas d'Iarrthóirí
Leabhrán Faisnéise d'Iarrthóirí ar na gráid Cléireachais/Riaracháin uile
Leabhrán Faisnéise d'Iarrthóirí ar na gráid Gairmiúil/Teicniúil uile
Leabhrán Faisnéise d'Iarrthóirí ar na gráid Leabharlainne uile
Cén fáth a bheith ag obair le Comhairle Contae Fhine Gall?
Freastlaíonn Comhairle Contae Fhine Gall ar limistéar 452 ciliméadar cearnach lastuaidh de Chathair Bhaile Átha Cliath, a chuimsíonn pobail tuaithe, uirbeacha agus fo-uirbeacha agus ina bhfuil roinnt príomhghnéithe bonneagair náisiúnta agus réigiúnach, lena n-áirítear Aerfort Bhaile Átha Cliath agus an Campas Náisiúnta Spóirt.
Tá daonra borrach de 296,214 i bhFine Gall arb ionann é, de réir fhigiúirí Dhaonáireamh 2016, agus méadú 8.1% ón gcomhaireamh deiridh. Tá an mheánaois is ísle againn in Éirinn chomh maith agus tá sí ar cheann de na contaetha is éagsúla ó thaobh eitneachta agus cultúir de.
Tá an Chomhairle freagrach as forbairt shóisialta, eacnamaíoch, bhonneagair agus chultúrtha chontae Fhine Gall. Cuirimid raon leathan seirbhísí ar fáil dár saoránaigh lena n-áirítear saoráidí pobail agus fóillíochta, tithíocht, pleanáil, seirbhísí comhshaoil, cothabháil, uisce, bealaí iompair, agus tacaíocht ghnó gan ach roinnt a lua.
Is údarás áitiúil dinimiciúil, réamhghníomhach sinn, ag tabhairt aghaidh ar na dúshláin atá romhainn agus ag teacht ar bhealaí nua chun a chinntiú gurb í Fine Gall an rogha áit in Éirinn le cónaí, cuairt a thabhairt uirthi agus gnó a dhéanamh ann.
Trí dhul i mbun oibre le Comhairle Contae Fhine Gall beidh an deis agat taithí a fháil i gcroílár an rialtais áitiúil agus fíordhifríocht a dhéanamh dár gcontae. Is cuma cén ról atá agat, beidh páirt ríthábhachtach agat chun an uaillmhian sin a bhaint amach mar bhall d’fhoireann tiomanta de bheagnach 1,500 duine.
Más mian leat difríocht dhearfach a dhéanamh don phobal is óige in Éirinn ba mhaith linn cloisteáil uait.
Breathnaigh le do thoil ar na físeáin thíos a léiríonn na róil éagsúla laistigh de Chomhairle Contae Fhine Gall.
Kevin Halpenny - Senior Parks Superintendent
Emer O'Gorman
Colin Gallagher
Sinead Fox
Robert Burns
Caitríona Geraghty - Sports Development Officer with Fingal County Council
Lifeguards
Gerry McDermott - Media And Communications Manager with Fingal County Council
Helena Bergin
Torthaí:
Is Fostóir Comhdheiseanna í Comhairle Contae Fhine Gall.
Dícháileofar canbhasáil go huathoibríoch