53.39897815474, -6.1274961754905
Fáilte go dtí Baile Dúill
Is baile cois cósta é Baile Dúill atá suite in oirdheisceart Fhine Gall. Sráidbhaile iascaireachta a bhí ann tráth ach is baile beoga atá ann anois. Tá an sráidbhaile iascaireachta a bhí ann anois ag forbairt mar cheantar cónaitheach, agus tá forbairtí nua beartaithe a bhainfidh lántairbhe as taitneamhachtaí éagsúla coúil le siúlóidí cósta, miondíol, páirceanna poiblí, agus Eastát Tionsclaíochta Bhaile Dúill a chuirfidh dlús suntasach faoi gheilleagar an bhaile.
![Baldoyle Scene 2](/sites/default/files/styles/traditional_television/public/2019-04/son2318_4_1.jpg?h=796491a2&itok=nOfcPXFv)
Ar do Chompord Cois Cósta
Is áit bhreá é cósta Bhaile Dúill chun aithne a chur ar chósta Fhine Gall, agus lán do shúil a bhaint as na radhairc ar an bhfarraige agus as áilleacht nádúrtha na háite. Le linn duit a bheith ann, b’fhiú duit aghaidh a thabhairt ar Pháirc Ghráinseach na Mara, áit a bhfuil áiteanna súgartha agus páirceanna spóirt.