Balbriggan

Baile Brigín

Baile mór aoibhinn i dtuaisceart Fhine Gall 

Discover More

53.610090591681, -6.1838571415622

Opens in a new tab OPEN GOOGLE MAP

Fáilte go dtí Baile Brigín

Is baile cois farraige é Baile Brigín ar Chonair Bhéal Feirste-Bhaile Átha Claith, agus in 2016 bhí 21,722 ag cur fúthu sa cheantar. Ciallaíonn na naisc mhótarbhealaigh agus iarnróid le tionscail cosúil le déantóir plaisteach Wavin, déantúsaíocht pasanna agus earnálacha oideachais agus cónaitheacha atá ag forbairt, go bhfuil tóir ar Bhaile Brigín mar áit chónaithe agus oibre.

Táthar dóchasach faoin todhchaí chomh maith.  Táthar ag súil go gcuirfidh forbairt Cuan Bhrí Mhór agus tionscadail chuar-mhótarbhealaigh le fás eacnamaíoch agus fostaíochta sa bhaile agus ina phurláin.

Ní hamháin go bhfuil dóchas faoi thodhchaí an bhaile ach tá saibhreas stairiúil ag baint leis an áit freisin.  Chaith William III tamall ag campáil i mBaile Brigín i ndiaidh Chath na Bóinne i mí Iúil 1690. Loch ba ea Abhainn na Raithní Móire tráth den saol a choinnigh tionscal cadáis na háite i mbun feidhme.  Dhéanfaí an t-uisce a shruthlú trí chanáil agus tolláin síos chomh fada leis an Muileann Íochtarach áit ar chas sé roth uisce a chuir an t-innealra déantúsaíochta cadáis ag gluaiseacht.

Déan bolg le gréin ar Thrá Bhaile Brigín

Is sainchomhartha tíre áitiúil é Trá Bhaile Brigín agus an láthair áineasa is fearr le glúine de dhaoine de bhunadh Bhaile Átha Cliath. 

Ciallaíonn conairí siúil agus naisc iarnróid cóngarach don áit gur féidir le cuairteoirí an áit a bhaint amach go tapa agus leanúint lena gcuid taiscéalaíochta gan mórán moille.

Tá cuan iascaireachta atá i mbun oibre sa cheantar agus is féidir leat tamall a chaitheamh ag féachaint ar na trálaeir ag teacht agus ag imeacht, agus do scamhóga a líonadh le haer úr na farraige.

Ardgillan Castle

Bí ag spaisteoireacht thart ar Chaisleán Ard Giolláin

Áirítear i gCaisleán agus Diméin Ard Giolláin caisleán álainn mar aon le 194 acra d’fhéarach, coillearnach agus gairdíní atá ag amharc amach ar Mhuir Éireann agus ar Bheanna Boirche agus ar Reachrainn. 

Tá neart speiceas ainmhithe, mamach agus éan, agus tá raon nithe ar díol spéise sa diméin cosúil le turais mórthimpeall an chaisleáin, imeachtaí amharclainne, tae beag, cóisirí do pháistí agus go leor eile.

Balbriggan Seaside View
Visitor

Faigh tuilleadh eolais faoi Bhaile Brigín

Faigh tuilleadh eolais faoin mbaile suaimhneach seo cois farraige atá suite idir dhá chaisleán.