Comhshaol

Feachtas na Siúlóirí Glasa Madraí

Environmental Awareness

Is clár réigiúnach é Green Dog Walkers a bhfuil baint ag formhór na n-údarás áitiúil i gCúige Laighean leis. Bealach cairdiúil neamhionsaitheach atá ann le tuairimí maidir le salachar madraí a athrú. Is scéim phobalbhunaithe é Green Dog Walkers ar féidir le hoibrithe deonacha é a ghlacadh agus a chur chun cinn ina gceantair féin. Is féidir tuilleadh a léamh sa Bhileog Eolais Green Dog Walkers Leagan Béarla nó sa Bhileog Eolais Green Dog Walkers Leagan Gaeilge

Is ionann clárú do Ghealltanas Green Dog Walkers agus gealladh go ndéanfaidh tú na nithe seo a leanas:

  • glanadh suas i ndiaidh do mhadra
  • málaí breise salachar madra a iompar
  • a bheith sásta go n-iarrfaí ort mála salachar madra a thabhairt dóibh siúd a bhfuil gá acu leis
  • é a mheabhrú go cairdiúil do shiúlóirí eile glanadh suas i ndiaidh a madraí

Tá tú in ann dáileoir málaí salachar madra a fháil saor in aisce. Gléas beag cliste é sin a théann ar choiléar nó ar iall do mhadra agus a chuirfidh málaí ar fáil duit nuair a bheidh gá leo. Más mian leat, is féidir leat dáileoir málaí salachar madra a fháil saor in aisce sna háiteanna seo a leanas:

1.          Ionad Pobail Mhullach Eadrad, Br an Teampaill, Baile an Bhosardaigh, BÁC 15, D15 R2VF, Guthán: (01) 821 5120

2.          Ionad Pobail agus Fóillíochta Dhomhnach Bat agus Phort Reachrann, 3 Br Phort Reachrann, Baile Eilís Thuaidh, Domhnach Bat, Co. Bhaile Átha Cliath, K36 FY26 Guthán: (01) 843 4546

3.           Halla Pobail Bhaile Dúill, An Phríomhshráid, Baile Dúill, BÁC 13, Guthán: 087 230 1894

4.          Ionad Pobail agus Óige Radharc an Chnocáin, Mulláin Lohunda, Cúil Mhín, BÁC 15, (01) 821 8665

5.          Ionad Pobail Bhaile an Phléimeannaigh, Lána na Gráige, Baile Brigín, (01) 841 5070

6.          Príomhoifig Our Balbriggan, Cearnóg Sheoirse, Baile Brigín, ríomhphost: [email protected]

 

Go raibh maith agat as ról gníomhach a ghlacadh chun freagracht úinéirí madraí i do phobal áitiúil a fheabhsú.

 

Ní gá ach Gealltanas Green Dog Walkers a shíniú agus é a sheoladh trí ríomhphost chuig [email protected] nó tríd an bpost chuig Green Dog Walkers, An Roinn Comhshaoil, Comhairle Contae Fhine Gall, Halla an Chontae, An Phríomhshráid, Sord, Co. Bhaile Átha Cliath, K67 X8Y2