53.410714735385, -6.1782087799041
Fáilte go dtí Baile Ghrífín
Is bruachbhaile páirt-tuaithe de Bhaile Átha Cliath, Éire, é Baile Grífín, a d’fhorbair mórthimpeall ar shráidbhaile. Tá sé suite i ndeisceart Fhine Gall i gContae traidisiúnta Bhaile Átha Cliath.
Ar feadh an chuid is mó dá stair, ceantar ar bheagán lonnaíochtaí lán garraithe a bhí ann le sráidbhaile a bhí suite ag crosbhóthar, áit a bhfuil teach tábhairne stairiúil a tógadh san 18ú haois fós le feiceáil.∘Bunáit a bhí ann do thiarnaí Normannacha, taoisigh Ghaelacha agus tiarnaí talún Angla-Éireannacha.
![St. Doulagh's Church](/sites/default/files/styles/traditional_television/public/2019-05/son2164_0025.jpg?h=812c8ac5&itok=39P97TUm)
Tuilleadh eolais faoi Eaglais Dúiligh
Tá Eaglais Dúiligh suite thart ar 1 km ó thuaidh de shráidbhaile Bhaile Ghrífín. Is ceann de dhá eaglais é atá le fáil i "bParóistí Aontaithe Mhullach Íde, Phort Mearnóg agus Naomh Dúileach" i bhFine Gall, Éire,∘agus is í an eaglais is sine í ar a bhfuil díon cloiche atá fós in úsáid in Éirinn.
De réir an tseanchais, ba é Naomh Samson, naomh de bhunadh na Breataine Bige, a bhunaigh an mhainistir arb ionann é agus Eaglais Dúiligh sa lá inniu ann. Ó tharla gur tugadh Balgriffin agus Griffinstown ar Bhaile Ghrífín san am a caitheadh, is léir gur duine de bhunadh na Breataine Bige a bhunaigh an áit. Ba sa 5ú haois a tógadh an eaglais seo agus rinneadh obair athchóirithe sa 12ú haois, agus tá cáil ar an eaglais anois mar eaglais de chuid Eaglais na hÉireann.
![Abbeville House](/sites/default/files/styles/traditional_television/public/2019-04/page31_abbeville.jpg?h=f5fefbc1&itok=f0v9fKpM)
Bain lán do dhá shúil as na radhairc ag Abbeville
Is i gCionn Sáile atá Abbeville suite, “teach mór” a tógadh san 18ú haois agus áit chónaithe Charles Haughey ba ea é nuair a bhí sé ina Thaoiseach ar Éirinn. Tá sruthanna, linn agus grúdlann atá imithe i léig anois suite ar na tailte. Rinne an t-ailtire agus an dearthóir cáiliúil, James Gandon, obair leasaithe ar an teach sna 1790idí.
Ba le teaghlach Cooper an teach idir 1815 agus lár an 20ú haois; in 1969 cheannaigh Haughey an teach, agus ceapadh ina Thaoiseach é in 1979. Ó shin i leith, tarraingíodh droch-cháil ar an teach, díoladh é cúpla babhta, agus thug daoine cáiliúla cuairt air, an teanór cáiliúil. Pavarotti, ina measc.