art department

Rannóg Ealaíon Fhine Gall

D'aithin Comhairle Contae Fhine Gall tábhacht na n-ealaíon le fada an lá

Discover More
Arts plan 2019-2025

Straitéis Ealaíon

Buntacaíonn gealltanas do sheirbhís phoiblí agus an diongbháilteacht chun tionchar a imirt i measc daoine, áite agus cleachtas ealaíne lenár spriocanna straitéiseacha.

Artist Support Scheme

Maoiniú Deontais agus Sparánachta

Cuireann Comhairle Contae Fhine Gall sraith tacaíochtaí airgeadais agus eile ar fáil d’ealaíontóirí agus grúpaí ealaíon atá ag oibriú i bhFine Gall. Áirítear leo seo deontais d’ealaíontóirí gairmiúla agus amaitéaracha, anuas ar dheiseanna do sparánachtaí, cláir ealaíontóirí cónaithe, teacht ar spás stiúideo agus fóirdheontas bliantúil ár dhá ionad ealaíon.

Public Realm pic

Stiúideonna agus Cónaitheachtaí d'Ealaíontóirí

Tugann ár ndeiseanna maidir le stiúideonna agus cónaitheachtaí an seans d'amharcealaíontóirí atá ag cleachtadh forbairt a dhéanamh ar a gcleachtas i dtimpeallachtaí cuí ina dtugtar misneach dóibh. Faigh amach faoinár stiúideo, Teach Bád Loch Sionnaigh, agus na dámhachtainí éagsúla cónaitheachta atá ar fáil.

Artist Education

An Óige agus Oideachas

Oibríonn Oifig Ealaíon Fhine Gall i gcomhar le mórinstitiúidí oideachais agus cultúir, taighdeoirí agus ealaíontóirí chun acmhainní oideachasúla a chur ar fáil atá inrochtana, buan agus a spreagann foghlaim féindírithe. Foghlaim faoi na hacmhainní atá ar fáil agus tionscnaimh atá ar siúl faoi láthair agus a bhí ar siúl roimhe seo ar a ndearnadh muid éascaíocht.

why fingal

Ionaid Ealaíon

Is le Comhairle Contae Fhine Gall dhá ionad ealaíon agus cultúir a oibríonn sí i bhFine Gall; Ionad Ealaíon Draíocht i mBaile Bhlainséir agus Ionad Séamus Ennis san Aill.

Mobile Monuments - 1916 Public Art Commission

Ionaid Ealaíon Fhine Gall

Ealaín Phoiblí

John Kindness Howling Dog

Déan Teagmháil le hEalaíona Fhine Gall

Déan Teagmháil leis an Rannóg Ealaíon

Rannóg Ealaíon de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall is ea Ealaíona Fhine Gall.