
Stiúideonna Ealaíon
Mar gheall ar an moladh inár bplean gníomhaíochta deireanach maidir leis na healaíona, don tréimhse 2006-10, chun 'soláthar a dhéanamh do spás stiúideo proifisiúnta i bhFine Gall', coimisiúnaíodh staidéar cuimsitheach ar ar tugadh Tuarascáil ar Stiúideonna d'Ealaíontóirí a Sholáthar, a Dhearadh agus a Bhainistiú laistigh d'Fhine Gall. Luadh na moltaí sa tuarascáil sin arís san aiseolas ón bpróiseas comhairliúcháin phoiblí ar tugadh faoi don phlean 2013-17. I gcomhobair leis na Rannóga Oibríochta agus Ailtireachta sa Chomhairle, leanfaidh an Oifig Ealaíon de spásanna folmha agus sruthanna maoinithe a aithint, spásanna agus sruthanna ar féidir úsáid a bhaint astu agus a thabharfaidh deis chun infheistíocht i soláthar stiúideonna.

Ealaín Phoiblí
Bhí Oifig Ealaíon Fhine Gall freagrach as líon suntasach oibreacha buana agus iomráiteacha a choimisiúnú laistigh den chontae mar chuid d'fhoirgnimh nuathógtha, bóithre nua, scoileanna nua agus tionscadail áitiúla athghiniúna.