Lúfar agus Láidir
![Hale and Hearty](/sites/default/files/styles/user_defined/public/2021-06/hale-and-hearty.png?h=920929c4&itok=lyzhsd3g)
Is tionscadal atá maoinithe ag an AE é Lúfar agus Láidir a bhfuil sé mar aidhm aige rochtain ar eolas sláinte agus folláine a fheabhsú. Ts é An tIonad Sonraí Oscailte sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe (DPER) a bhainistíonn an tionscadal agus is iad comhpháirtithe an tionscadail:
- An Phríomh-Oifig Staidrimh
- An Roinn Sláinte
- Comhairle Contae Fhine Gall
- Derilinx
- Braisle Sonraí agus Scamall na hÉireann (IDCC)
Is é a bheidh mar thoradh ar an tionscadal ná “bonn eolais” d’eolas sláinte agus folláine, agus aip, a léireoidh úsáidí féideartha don bhonn eolais.
Chun níos mó eolais a fáil faoin tionscadal Lúfar agus Láidir tabhair cuairt ar láithreán gréasáin an tionscadail ag https://haleandhearty.ie/