Baile Brigín Cliste

Smart balbriggan

Roghnaíodh Baile Brigín mar an chéad bhaile in Éirinn a ainmníodh mar Cheantar Cliste agus é ag dul chun tosaigh i dtionscadail chliste chun seirbhísí a fheabhsú, poist a chruthú agus pobal níos fearr a thógáil.

Is éard atá i gCeantair Chliste, faoin gClár Baile Átha Cliath Cliste, ná suíomhanna tíreolaíocha a roghnaítear go straitéiseach chun tionscadail chliste dhírithe, a chur i bhfeidhm. 

Is é an príomhfhócas a bheidh ag Ceantar Cliste Bhaile Brigín ná cur le saol an phobail, tacú le deiseanna eacnamaíochta agus an nuálaíocht a spreagadh trí roinnt tionscadal ceantair chliste. 

Tacóidh an tionscnamh freisin leis an bPlean Athnuachana Ár mBaile Brigín a sheachadadh, plean a forbraíodh anuraidh tar éis do 4,000 duine páirt a ghlacadh i gcomhairliúchán poiblí ar thodhchaí an bhaile.

 

Tá sé mar aidhm ag clár Baile Brigín Cliste a chinntiú go mbaineann Baile Brigín leas as tionscnaimh ‘chliste’ agus ‘dhigiteacha’ le trí thosaíocht straitéiseacha: 1) tógáil pobail, 2) cruthú post agus fás eacnamaíoch, agus 3) seirbhísí agus réimse poiblí feabhsaithe. 

 

Smart Balbriggan

Tá an pobal mar chroílár Bhaile Brigín Cliste, agus tugtar cuireadh do chónaitheoirí páirt a ghlacadh i ndearadh agus i gcur i bhfeidhm an chláir trí cheardlanna, imeachtaí, suirbhéanna agus grúpaí fócais. Ó shamhail 3D  3D model d’Athfhorbairt an Chuain a fhorbairt chun comhairliúcháin phobail a éascú, go tacú le tionscadail eolaíochta saoránac citizen science projects, déanann Baile Brigín a dhícheall torthaí inláimhsithe, dearfacha a sholáthar do chonáitheoirí áitiúla.

 

Chun níos mó a fhoghlaim faoi Bhaile Brigín Cliste féach ar Bord Trello Poiblí Bhaile Brigín ClistSmart Balbriggan Public Trello Board a thugann léargas ar na tionscadail reatha agus beartaithe.