Cathaoirligh a cheapadh ar Chomhpháirtíochtaí um Shábháilteacht an Phobail Áitiúil

Glao ar Léirithe Spéise

Beirt (2) Chathaoirligh le ceapadh ar na Comhpháirtíochtaí nua um Shábháilteacht an Phobail Áitiúil

1. Fine Gall Thuaidh (CUBÁC Thuaidh)

2. Fine Gall Thiar (CUBÁC  Thiar)

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag lorg léirithe spéise lena mbreithniú le haghaidh 2 Chathaoirleach a cheapadh ar Chomhpháirtíochtaí (2) nua um Shábháilteacht an Phobail Áitiúil a mbunófar i limistéar Chomhairle Contae Fhine Gall i gcomhréir leis an Acht Póilíneachta, Slándála agus Sábháilteachta Pobail 2024.

An Dáta Deiridh: 12in Dé Luain 22 Iúil 2024

Tuilleadh faisnéise:

 

Beartas um Shábháilteacht Pobail

Cheadaigh an Rialtas cur chuige uilechórais nua i ndáil le sábháilteacht pobail, atá le tabhairt isteach ag an Roinn Dlí agus Cirt.  D’fhorbair sé an beartas nua um shábháilteacht pobail bunaithe ar phrionsabal barrthábhachtach a aithníodh i dtuarascáil na bliana 2018 ón gCoimisiún um Thodhchaí na Póilíneachta, nach iad na póilíní amháin atá freagrach as póilíneacht ach go mbaineann póilíneacht le gníomhaireachtaí eile de chuid an Rialtais ar nós seirbhísí sláinte agus sóisialta. Moltar leis an mBeartas um Shábháilteacht Pobail cur chuige uile-rialtais i ndáil le sábháilteacht pobail.

Baineann coincheap na sábháilteachta pobail le daoine a bheith sábháilte ina bpobal féin, agus ag mothú go bhfuil siad sábháilte ann. Ag croílár an bheartais seo atá an prionsabal go bhfuil an ceart ag gach pobal a bheith sábháilte agus a bheith ag brath sábháilte chun go mbeidh siad faoi bhláth agus faoi rath. Is é an fhís nua i ndáil le sábháilteacht pobail ná sábháilteacht pobail a bheith ina freagracht agus tosaíocht uile-Rialtais, atá le cur ar fáil trí Chomhpháirtíochtaí um Shábháilteacht Pobail (CSPAnna) agus a dtacófar leo trí struchtúr náisiúnta rialachais. Leis an struchtúr seo, cinnteofar go mbeidh pobail cumasaithe chun ionchur láidir a bheith acu i leith na ngníomhartha a dtabharfaidh soláthraithe seirbhísí a fheidhmíonn ina gceantar tús áite dóibh, agus go mbeidh príomhról maoirseachta ag na pobail chun a chinntiú go ndéanfaidh na soláthraithe seirbhísí beart de réir a mbriathair i ndáil leis na gníomhartha sin.

Cláir Phíolótacha na gComhpháirtíochtaí um Shábháilteacht Pobail (CSPA)

Mar ullmhúchán do leathadh amach náisiúnta na gComhpháirtíochtaí um Shábháilteacht Pobail i gcomhréir leis an Acht um Póilíneacht, Slándáil agus Sábháilteacht Pobail 2024, thug trí Chomhpháirtíocht um Shábháilteacht Pobail Áitiúil faoi chláir phíolótacha le dhá bhliain anuas i Lárchathair Thuaidh Bhaile Átha Cliath, i gCathair agus Contae Phort Láirge agus i gContae an Longfoirt. Rinneadh láithreacha na gclár píolótach a roghnú bunaithe ar líon gnéithe, lenar áiríodh dlús an daonra, rátaí coireachta agus bochtaineacht. Trí na láithreacha seo, bhíothas in ann an struchtúr beartaithe a thástáil i limistéar ina bhfuil ard-dlús daonra, i limistéar ina bhfuil meán-dlús daonra agus i limistéar ina bhfuil dlús daonra íseal, ina raibh dáileadh réigiúnach i gceist.  Tá sé mar rún ag an Rialtas anois comhpháirtíochtaí dá leithéid a bhunú ar fud na tíre.

 

Comhpháirtíochtaí um Shábháilteacht an Phobail Áitiúil Fhine Gall – Struchtúr

Cuimsíonn Contae Fhine Gall codanna de rannáin CUBAC Thiar agus CUBAC Thuaidh den Gharda Síochána. Bunófar 2 Chomhpháirtíocht um Shábháilteacht an Phobail a n-ailíneofar le Teorainneacha Fo-Cheantair an Gharda Síochána mar seo a leanas:-

  • Comhpháirtíocht um Shábháilteacht an Phobail Fhine Gall Thuaidh (CUBAC Thuaidh)
    • (Sord, Baile Brigín, Na Sceirí, Lusca, An Ros, Domhnach Bat, Port Reachrann, An Seanbhaile, Baile Gháire, An Aill, Mullach Íde, Port Mearnóg, Baile Dúill, Cill Fhionntain, Binn Éadair, Baile Dúill)
  • Comhpháirtíocht um Shábháilteacht an Pobail Fhine Gall Thiar (CUBAC Thiar)
    • (Caisleán Cnucha, Mullach Eadrad, Baile Bhlainséir, Cluain Saileach, An Chorr Dhubh , Ongar, Baile an Tirialaigh, Teampall Mhaighréide)

 

Cuspóirí agus Struchtúir um Shábháilteacht Pobail

Trí Chomhpháirtíochtaí um Shábháilteacht Pobail Áitiúil (CSPAnna), tabharfar na seirbhísí stáit ábhartha ar fad agus an pobal le chéile ag leibhéal an údaráis áitiúil.  Trí seo, déanfar forbairt ar an obair ar tugadh fúithi trí Chomhchoistí Póilíneachta agus cuirfear léi trí chinnte a dhéanamh de go bhfuil na páirtithe leasmhara ábhartha eile ar fad, atá riachtanach le go mbeadh fóram níos iomlánaíche ann i dtaca le díospóireacht agus cinntí maidir le tosaíochtaí pobail, i láthair.

Tá Comhpháirtíochtaí um Shábháilteacht Pobail Áitiúil ailínithe le cuir chuige chomhchosúla i réimsí beartais ghaolmhara ar nós thionscnamh Phobail Shláintiúla Sláintecare agus Coistí Forbartha Pobail Áitiúil reatha.  Beidh gach aon chomhpháirtíocht in ann tírdhreach na háite a bhreithniú maidir leis na seirbhísí atá á gcur ar fáil cheana féin, agus na seirbhísí atá ag teastáil.   Trí chreat reachtúil na straitéise, cuirtear ar chumas comhpháirtíochtaí seachadadh an chuir chuige uile-Rialtais seo um shábháilteacht pobail a thabhairt le chéile, a mhaoirsiú agus a chur chun cinn.

 

 

 

Cuspóirí na gComhpháirtíochtaí um Shábháilteacht Pobail Áitiúil

Tuigtear leis an gcur chuige comhpháirtíochta nach ionann gach pobal agus nach ionann na fadhbanna agus saincheisteanna atá os a gcomhair; agus go bhfuil raon ionchur ón Rialtas, seirbhísí áitiúla, ón earnáil dheonach, agus ón bpobal féin ag teastáil chun gníomhú i leith na bhfadhbanna agus saincheisteanna sin.

Tá na gnéithe seo a leanas ag teastáil i leith an fhreagra ar na saincheisteanna a aithníodh thuas: rannpháirtíocht an phobail d’fhonn riachtanais an phobail a aithint, mar aon le dúthracht agus ceannach isteach ón Stát, soláthraithe seirbhíse áitiúla agus deonacha chun oibriú lena chéile chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais sin.

Déanfar ionadaíocht ar gach aon phobal, a soláthraithe seirbhíse agus páirtithe leasmhara eile ar an gComhpháirtíocht um Shábháilteacht Pobail.  I ndiaidh comhairliúchán poiblí a chur i gcrích, déanfaidh gach aon CSPA Plean um Shábháilteacht Pobail a fhorbairt a bheidh ina léiriú ar na tosaíochtaí a d’aithin an pobal.

Ar deireadh thiar, oibreoidh an chomhpháirtíocht chun comhoibriú ilghníomhaireachta ina limistéar féin a fheabhsú.  Beidh soláthraithe seirbhíse freagrach don phobal i ndáil leis na bearta comhaontaithe a aithníodh sa Phlean um Shábháilteacht Pobail a chomhlíonadh agus beidh eolas agus cumhacht níos fearr ag an bpobal chun páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí sábháilteachta pobail sa limistéar.

Comhpháirtíochtaí um Shábháilteacht Pobail - Struchtúr

 

Comhpháirtíochtaí um Shábháilteacht Pobail - Struchtúr

Tá sé beartaithe go n-áireofar le comhaltas na Comhpháirtíochta um Shábháilteacht Pobail Áitiúil: cónaitheoirí; ionadaithe pobail, lena n-áireofar ionadaithe an dreama óig, pobal nua agus na hearnála deonaí; ionadaithe gnó agus oideachais; seirbhísí poiblí ábhartha sa limistéar, lena n-áirítear HSE, Tusla, AGS, agus an t-údarás áitiúil; agus comhairleoirí áitiúla.  Beidh 30 comhalta ar a mhéad i ngach  CSPA.

Beidh sé de chumhacht ag an gCathaoirleach i ngach aon chomhpháirtíocht foghrúpa de chuid na comhpháirtíochta a chur ar bun, bíodh siad sin bunaithe ar shaincheist nó ar limistéar, ar feadh tréimhse ama sonraithe agus ar bhealach spriocdhírithe, go hidéalach.

Soláthar foirne agus tacaíocht don Chomhpháirtíocht

Tabharfaidh Comhordaitheoir tiomnaithe um Shábháilteacht Pobail, Grád VII  – Oifigeach Riaracháin agus Riarthóir ag leibhéal Grád IV Oifigeach Cúnta Foirne tacaíocht do gach aon Chomhpháirtíocht.  Is é an t-údarás áitiúil a fhostóidh an dá phost lánaimseartha seo a bheidh lonnaithe laistigh den údarás áitiúil, agus cuirfidh siad tacaíocht láidir ar fáil do cheannaireacht na gCathaoirleach.

Beidh tacaíocht láidir ón leibhéal náisiúnta ag Comhpháirtíochtaí um Shábháilteacht Pobail Áitiúil:

  • Beidh Straitéis um Shábháilteacht Pobail náisiúnta ann. Tríd an straitéis seo, cuirfear creat beartais uileghabhálach agus clár gníomhaíochtaí ar fáil, a bheidh mar bhonn agus mar thaca ag cur chuige uile-rialtais.
  • Beidh Coiste Comh-Aireachta ainmnithe ann, chun maoirseacht pholaitiúil agus cuntasaíocht ardleibhéil a chur ar fáil don Rialtas.
  • Faoina bhun sin, ag leibhéal na n-oifigeach sinsearach, beidh Grúpa Stiúrtha Náisiúnta um Shábháilteacht Pobail ann. Trí seo, cuirfear ceannaireacht agus treoir shinsearach ar fáil chun straitéis náisiúnta a chur i bhfeidhm agus comhoibriú idirghníomhaireachta a chothú.
  • Bunófar Oifig Náisiúnta um Shábháilteacht Pobail. Is ar Stiúrthóir na hOifige Náisiúnta a bheidh an fhreagracht feidhmiúcháin i dtaca le cuspóirí na straitéise náisiúnta a bhaint amach. Tríd an Oifig Náisiúnta, cuirfear oiliúint, treoir agus tacaíocht eile ar fáil do na Comhpháirtíochtaí um Shábháilteacht Pobail Áitiúil.

 

Coinníollacha don Chathaoirleach

Riachtanas Ama

Tionólfar an CSPA uair amháin in aghaidh na ráithe ar a laghad ach beifear in ann í an thionól chomh minic agus a mheastar is gá d’fhonn a cuid oibre a chur i gcrích go héifeachtach.  Chomh maith leis sin, beidh ar chomhpháirtíochtaí cruinniú dúnta amháin a thionól in aghaidh na bliana do na hionadaíochtaí áitiúla ar fad (Teachtaí Dála agus Comhairleoirí), mar aon le cruinniú poiblí oscailte a thionól i dtaca leis sin.

Seachas sin, ba chóir do dhaoine aonair atá ag smaoineamh faoi iarratas a dhéanamh le bheith mar Chathaoirleach tabhairt faoi deara go mbeidh am breise ag teastáil chun tabhairt faoi rannpháirtíocht le páirtithe leasmhara, an pobal áitiúil agus chun dul i dteagmháil le comhpháirtíochtaí eile ar fud na tíre maidir le ceisteanna a bhaineann leis an dea-chleachtas.

Oibreoidh an Cathaoirleach i ndlúthchomhar leis an Údarás Áitiúil.

Téarma ceapacháin

Is é trí bliana an téarma ceapacháin don Chathaoirleach.

Luach Saothair

Post deonach atá i gceist le ról an Chathaoirligh. Tá costais taistil agus chothaithe iníoctha de réir rátaí caighdeánacha na státseirbhíse i ndáil le costais a thabhaítear ag taisteal chuig cruinnithe.

Sonraíocht faoin bPearsa

Tá léirithe spéise á lorg faoi láthair ó dhaoine cuícháilithe a bhfuil an saineolas ábhartha acu le breithniú a dhéanamh orthu i gcomhair ceapacháin mar Cathaoirleach ar an gComhpháirtíocht um Shábháilteacht Pobail Áitiúil.   Ba chóir go mbeadh leibhéal sinsearach cuí bainte amach ag na daoine sin.  

Ar Léiriú Spéise a chur isteach ba chóir d’iarratasóirí a rogha ceapacháin a chur in iúl do cheann amháin díobh seo a leanas:

CPS 1     Comhpháirtíocht um Shábháilteacht an Phobail Fhine Gall Thuaidh (CUBAC Thuaidh)

CPS 2     Comhpháirtíocht um Shábháilteacht an Phobail Fhine Gall Thiar (CUBAC Thiar)

Cé nach Bord Stáit atá sa CSPA, ba chóir go mbeadh iarratasóirí ar an eolas faoin ábhar sa Chód Cleachtais chun Comhlachtaí Stáit a Rialú ina gcuirtear creat ar fáil maidir le dea-chleachtas a chur i bhfeidhm. Ba chóir do gach comhalta den CSPA gníomhú ar bhonn atá iomlán ar an eolas, de mheon macánta, le dícheall agus cúram cuí, agus chun leas na Comhpháirtíochta, faoi réir na gcuspóirí arna leagan síos ag an Rialtas.

D'fhonn a bheith incháilithe do cheapachán, ní mór nach mbeadh aon bhac dlí ná coinbhleachtaí leasa ag duine ar dócha go gcuirfeadh siad isteach ar a chumas/cumas an ról mar Chathaoirleach sa CSPA ábhartha a ghlacadh. Smaoinigh go cúramach ar an bhféidearthacht maidir le haon choinbhleacht leasa ionchasach a d’fhéadfadh a bheith ann agus tabhair aghaidh air seo i do litir chumhdaigh. D’fhéadfadh an Painéal Measúnachta, bunaithe ar leibhéal na coinbhleachta a bhraitear, gan d’ainm a chur ar aghaidh chuig an údarás áitiúil i gcomhair breithnithe.

Cathaoirleach

Tá an Cathaoirleach freagrach as ceannaireacht an CSPA agus as éifeachtacht an CSPA a chinntiú maidir le gach gné dá ról. Chomh maith leis sin, déanfaidh an Cathaoirleach obair na Comhpháirtíochta um Shábháilteacht Pobail Áitiúil agus obair an Chomhordaitheora agus an Riarthóra um Shábháilteacht Pobail a threorú.

Ba chóir dó/di ardchaighdeáin mhacántachta agus ionracais a léiriú agus ionchais a leagan síos maidir le cultúr, luachanna agus iompraíochtaí don CSPA agus do thon na ndíospóireachtaí ag leibhéal an CSPA.

Ó na nithe a foghlaimíodh ó mheastóireacht neamhspleách ar thionscadail phíolótacha CSPA, cuirtear in iúl dúinn go bhfuil ról an Chathaoirligh, go háirithe i ndáil le hinniúlacht agus taithí cheannaireachta, ríthábhachtach don Chomhpháirtíocht.  Is ról suntasach, ardleibhéil saorálaíochta atá i gceist, laistigh dá bpobal/contae féin, a mbeidh díograis agus am ag teastáil ina leith. 

Chomh maith leis sin, leagtar béim sa mheastóireacht go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh taithí agus muinín ag an gCathaoirleach chun éascaíocht a dhéanamh ar chomhpháirtíocht mhór, ó thaobh straitéise agus caidrimh de, ina dtugtar isteach páirtithe leasmhara bainteacha ag gach leibhéal ar bhealach comhsheasmhach, éifeachtach agus neamhchlaonta. Riachtanas bunriachtanach is ea cumas cathaoirligh chun gníomhú mar idirghabhálaí neamhspleách.

Déanfaidh an Cathaoirleach:

  • Ceannaireacht agus treoir straitéiseach a chur ar fáil,
  • An CSPA a dhíriú i ndáil le cinntí agus réitigh eolacha a dhéanamh atá saincheaptha do riachtanais an phobail faoi leith ina bhfuil siad i mbun oibre,
  • An Plean um Shábháilteacht Pobail Áitiúil a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm i gcomhar le seirbhísí pobail agus poiblí araon, agus
  • Gníomhú mar urlabhraí don CSPA agus ionadaíocht a dhéanamh ar an CSPA sa phobal, ar na meáin agus i measc páirtithe leasmhara eile de réir mar is cuí.

Ní mór d’iarratasóirí ar ról an Chathaoirligh i ngach aon limistéar údaráis áitiúil fianaise ar an méid seo a leanas a chur in iúl ina n-iarratas:

  • Cumas cruthaithe i ndáil le comhthoil agus cumarsáid éifeachtach a chruthú,
  • Cumas cruthaithe chun dul i bhfeidhm ar réimse leathan páirtithe leasmhara,
  • Cumas i ndáil le ceannaireacht straitéiseach i dtimpeallacht ardphróifíle,
  • Tuiscint fhollasach nó cumas chun tuiscint a fháil ar shaincheisteanna a bhaineann le sábháilteacht pobail
  • Cumas chun tabhairt faoi obair i réimse íogair agus faoi bhrú dhlúth-ghrinnscrúdú an phobail uaireanta.
  • Taithí ar phróisis chomhpháirtíochtaí móra agus scileanna éascaíochta
  • An cumas chun gníomhú ar bhealach neamhchlaonta

 

An Próiseas iarratais

Ba chóir léirithe spéise a chur isteach ar ríomhphost chuig [email protected] faoin 22 lúil 2024.

Ba chóir an méid a leanas a chur san áireamh sa léiriú spéise:

  • Litir chumhdaigh ina léirítear spéis agus ina leagtar amach oiriúnacht agus taithí ábhartha don ról;
  • CV mionsonraithe.

An Dáta Deiridh

Is é an 22 lúil 2024 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais.

An Próiseas Roghnúcháin

Tionólfar Painéal Measúnachta (an ‘Painéal’) chun breithniú agus measúnú a dhéanamh ar na léirithe spéise a fuarthas agus a dhéanfaidh na léirithe spéise a fuarthas a athbhreithniú agus a mheas i gcomhréir leis na critéir cheapacháin shonracha don ról.

D’fhéadfaí gearrliosta iarrthóirí a chruthú agus tabhairt faoi agallaimh, nó faoi aon mhodh roghnúcháin nó fíorúcháin a mheastar a bheith oiriúnach.

Ina dhiaidh sin, déanfaidh an Painéal iarrthóir ainmnithe a mholadh don Aire Dlí agus Cirt i gcomhair ceapacháin.

I gcás ina bhfuil ceapachán le déanamh, beidh ar an iarrthóir a n-éiríonn leis/léi tabhairt faoi imréiteach an Gharda Síochána.

Rúndacht

Faoi réir fhorálacha an Achta um Shaoráil Faisnéise, 2014, caithfear le hiarratais go huile agus go hiomlán faoi rún. Is faoi rún daingean a chaitear le gach fiosrú, iarratas agus gach gné de na himeachtaí agus ní nochtar iad le haon duine, seachas na daoine sin a bhfuil baint dhíreach acu leis an gné sin den phróiseas. Déantar míreanna faisnéise áirithe, nach mbaineann go sonrach le haon duine faoi leith, a bhaint as taifid ríomhaire chun críocha ginearálta staitistiúla.

Ceisteanna agus fiosruithe

Má bhíonn aon cheist agat nó má theastaíonn aon soiléiriú uait maidir leis an nglao seo ar léirithe spéise, seol ríomhphost chuig an Stiúrthóir Oibríochtaí, Muire Ní Dálaigh  [email protected]  

 

Dáta Eisiúna:  26 Meitheamh 2024

Comhpháirtíochtaí Sábháilteachta Pobail Áitiúil - Nóta Faisnéise