Acmhainní Faisnéise faoin tSláinte
Seo a leanas liosta de roinnt láithreáin ghréasáin Sláinte agus Folláine a mholtar a d’fhéadfadh bheith áisiúil duit:
Fiafraigh faoi alcól: cuireann sé seo tacaíocht agus eolas ar fáil faoin alcól – an méid atá á ól againn, conas a dhéanann sé difear dár sláinte agus folláine mheabhrach, agus conas is féidir linn níos mó a bhaint amach trí níos lú a ól
Aoisghníomhaíocht: cuireann sé seo tacaíocht agus faisnéis ar fáil ar aosú in Éirinn
Cothú Cíche: cuireann sé seo tacaíocht agus faisnéis ar fáil do mháithreacha ar chothú cíche
Néaltrú: cuireann sé seo tacaíocht, faisnéis agus feasacht phoiblí ar fáil ar Néaltrú
Diaibéiteas Éireann: cuireann sé seo tacaíocht, faisnéis agus feasacht phoiblí ar fáil ar Dhiaibéiteas
Faisnéis agus Tacaíocht faoi Dhrugaí agus Alcól in Éirinn: cuireann sé seo tacaíocht agus faisnéis ar fáil faoi dhrugaí agus alcól
Éire Ghníomhach a Bhaint Amach: cuireann sé seo gníomhaíocht choirp chun cinn in Éirinn
Éire Shláintiúil: cuireann sé seo faisnéis ar fáil faoi Éire Shláintiúil, tionscnamh faoi stiúir an rialtais
Cur chun Cinn na Sláinte: láithreán gréasáin de chuid FSS a cheadaíonn duit foilseacháin a íoslódáil ar réimse fairsing ábhair shláinte
An tIonad Faireachais um Chosaint na Sláinte: cuireann sé seo faisnéis ar fáil chun galair thógálacha a rialú agus a chosc
HSELive: cuireann sé seo eolas ar fáil maidir le ceisteanna faoi sheirbhísí sláinte, do theidlíochtaí, nó conas teacht ar sheirbhísí sláinte nó sóisialta i do cheantar
Cumann Ailse na hÉireann: cuireann sé seo tacaíocht agus faisnéis ar fáil faoi Ailse
Foras Croí na hÉireann: cuireann sé seo tacaíocht agus faisnéis ar fáil faoi ghalar croí agus stróc
Jigsaw: cuireann sé seo tacaíocht agus faisnéis ar fáil do dhaoine óga maidir lena meabhairshláinte
Meabhairshláinte: cuireann sé seo tacaíocht agus faisnéis ar fáil ar an meabhairshláinte
QUIT: cuireann sé seo tacaíocht agus faisnéis ar fáil chun éirí as tobac a chaitheamh
Safefood: cuireann se seo feasacht agus eolas ar shábháilteacht bhia agus saincheisteanna cothaithe chun cinn
SpunOut: cuireann sé seo faisnéis ar fáil do dhaoine óga, idir 16 agus 25 bliain d’aois, faoin tábhacht a bhaineann le sláinte agus folláine, i dtaobh cúrsaí fisiciúla agus meabhracha araon
Under the Weather: cuireann sé seo comhairle phraiticiúil ar fáil ar conas aire a thabhairt duit féin nó do theaghlach nuair a bhíonn sibh breoite. Is iad Dochtúirí Ginearálta agus cógaiseoirí in Éirinn a chuireann an fhaisnéis ar fáil ar an láithreán gréasáin