Ceisteanna Coitianta
I dtéarmaí simplí, is plean spásúlacht é Plean Forbartha a threoraíonn forbairt contae sa todhchaí ar feadh tréimhse shé bliana. Tá cuspóirí beartais áirithe ann, cuspóirí criosaithe úsáide talún agus soláthraíonn sé treoir bhainistíochta forbartha.
Ní mór do Chroí-Straitéis a bheith i bPlean Forbartha freisin a fhéachann lena chinntiú go bhfuil i ndóthain talún criosaithe sa chontae chun
na riachtanais tithíochta a chomhlíonadh.
Ní mór don Phlean, a Chroí-Straitéis agus a chuspóirí a bheith comhsheasmhach le straitéisí Náisiúnta agus Réigiúnacha.
Cuireadh tús leis an Athbhreithniú ar Phlean Forbartha Fhine Gall 2017 – 2023 ar an 12ú Márta 2021 agus tógfaidh an próiseas chun Plean Forbartha nua a ullmhú don tréimhse 2023-2029 beagnach dhá bhliain, ag tosú go déanach i mí an Mhárta 2023.
Tá sceideal táscach le haghaidh ullmhú Phlean Forbartha nua Fhine Gall léirithe thíos.
Is éard atá i bPáipéar Saincheisteanna Straitéiseacha an chéad chéim maidir leis an bPlean Forbartha Fhine Gall 2023-2029 a chur le chéile. Sa doiciméad comhairliúcháin ardleibhéil seo tugtar léargas ar na príomhcheisteanna pleanála agus forbartha i bhFine Gall agus féachann sé le díospóireacht phoiblí a spreagadh faoi na saincheisteanna leathana ar cheart a mheas sa Phlean nua.
Duine ar bith nó aon ghrúpa
Is féidir aighneacht a dhéanamh ar líne trí: https://consult.fingal.ie/en/browse
Foilsíodh an Dréachtphlean Forbartha ar an 24ú Feabhra 2022 agus tá sé ar oscailt d’aighneachtaí ón bpobal go dtí an 12ú Bealtaine 2022. Nuair a thagann deireadh leis an tréimhse chomhairliúcháin seo ullmhóidh Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall tuarascáil ar na haighneachtaí a fuarthas. Eiseofar an tuarascáil sin chuig na Comhaltaí Tofa chun iad a bhreithniú tuilleadh thar thréimhse 12 sheachtain ó mhí Iúil 2022. Eiseofar Dréachtphlean Forbartha leasaithe i mí Dheireadh Fómhair 2022 agus arís iarrfar ar an bpobal a dtuairimí a chur isteach sula ndéanfar na leasuithe deiridh agus go bhfoilseofar an plean ceadaithe go luath i 2023.
B’fhéidir nach bhfuil an tairseach Amharc ar Fhine Gall agus / nó an Seomra Comhairliúcháin Fhíorúil Idirghníomhaigh ag feidhmiú ar roinnt cúiseanna, go minic le hathnuachan shimplí ar an leathanach déanfar é athlódáil gan aon fhadhb.
I measc cuid de na moltaí a d’fhéadfadh d’fhadhb a réiteach tá:
- É a oscailt ar cheann de na brabhsálaithe seo a leanas m.sh. Chrome, Firefox, Safari nó Edge.
- Cinntigh go nglacann tú leis na téarmaí agus coinníollacha trí thic a chur sa bhosca.
- Sa chás go mbíonn deacrachtaí fós agat, déan teagmháil le do thoil le
Sa chás nár tugadh aghaidh ar do cheist anseo, téigh i dteagmháil le
Ní hionann an liosta Ceisteanna Coitianta agus léirmhíniú dlíthiúil ar an An tAcht Pleanála 2000 (arna leasú) agus is chun críocha faisnéise amháin atá siad.