Cláracha Feasachta Timpeallachta do Scoileanna i bhFine Gall
Féach Thíos na Cláracha Feasachta Timpeallachta atá á soláthar againn do Scoileanna i bhFine Gall

Scoileanna Glasa
Is é An Taisce, i gcomhpháirt leis na hÚdaráis Áitiúla, atá i mbun chlár 9-mbratach náisiúnta na Scoileanna Glasa a reáchtáil.

Faisean Dara Láimhe do mheánscoileanna
Is comórtas iontach cruthaitheach agus nuálach é seo atá dírithe ar mheánscoileanna.

Piocadh Bruscair le haghaidh scoileanna
Soláthraíonn Comhairle Contae Fhine Gall pacáistí bruscair do scoileanna, níl le déanamh ach ríomhphost a sheoladh chugainn agus is féidir linn bainteoirí bruscair, veisteanna sofheicthe agus málaí a chur ar fáil.

Picker Pals do Bhunscoileanna
Is tionscnamh iontach é Picker Pals a thugann deis do ranganna 1 agus 2 i mbunscoileanna clárú chun pacáiste a fháil le tabhairt abhaile leo (tá sé seo urraithe ag Comhairle Contae Fhine Gall).

Múiríniú le haghaidh scoileanna
Is fadhb ollmhór é Dramhbhia, fadhb atá ag cur go mór le hastaíochtaí athraithe aeráide. Tá na ceithre Údarás Áitiúla i mBaile Átha Cliath agus an Oifig Náisiúnta Bainistithe Dramhaíola ag obair i gcomhpháirt le Composting Ireland chun scéim phíolótach a reáchtáil i roinnt scoileanna i gceantar Bhaile Átha Cliath.