Comórtas Xplore The Sector

Xplore graphic

Comórtas Xplore The Sector

Tá an-áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall a fhógairt go bhfuil ár gComórtas Scileanna nua “Xplore The Sector” á sheoladh againn, atá mar chuid de Thaispeántas Scileanna Daltaí na hIdirbhliana “Xplore Your Future”. Tá an comórtas oscailte d’fhoirne daltaí ó mheánscoileanna i gceantar Fhine Gall.

Mar chuid de Straitéis Scileanna Fhine Gall, tá Comhairle Contae Fhine Gall ag dul i dteagmháil le daltaí meánscoile, Comhordaitheoirí na hIdirbhliana agus Múinteoirí Gairmthreorach chun feasacht a chothú ar an raon leathan deiseanna gairmeacha agus post in earnálacha tionscail ar leith, is iad sin Tógáil agus Iompar & Lóistíocht. 

Is tionscail ríthábhachtacha iad na tionscail Tógála agus Iompair & Lóistíochta d'fhorbairt eacnamaíoch ár gContae amach anseo agus tá go leor deiseanna gairme spreagúla agus suimiúla acu chun fostaithe féideartha amach anseo a thairiscint. Tá an Chomhairle ag obair le lucht tionscail sna hearnálacha seo chun a chinntiú go mbeidh píblíne tallainne ag teacht ó mheánscoileanna amach anseo chun freastal ar an éileamh ar fhostaithe nua.

Tá an Chomhairle ag iarraidh ar dhaltaí taighde a dhéanamh ar an earnáil tionscail agus tá Earnáil na Tógála agus an Earnáil Iompair & Lóistíochta roghnaithe go sonrach mar dhá earnáil ríthábhachtach i bhFine Gall. Táthar ag iarraidh ar fhoirne daltaí deiseanna gairme a aithint i gceachtar den dá earnáil sin agus poist fhéideartha san earnáil a mhargú dá gcomhpháirtithe sa chomórtas nua spreagúil seo.

Is féidir le scoileanna an oiread foirne a chur isteach mar is mian leo sa Chatagóir Sinsearach nó sa Chatagóir Sóisearach. Sa Chatagóir Sinsearach tá foirne de dhaltaí ón 4ú, 5ú, 6ú Bliain incháilithe agus sa Chatagóir Sóisearach tá daltaí ón 1ú, 2ú, 3ú Bliain incháilithe. Níor cheart go mbeadh níos mó ná 5 Dhalta ar Fhoirne.

Tugtar dúshlán do dhaltaí margaíocht/fógraíocht a dhéanamh ar phoist éagsúla ina rogha earnáil – Earnáil na Tógála nó an Earnáil Iompair & Lóistíochta – dá gcomhpháirtithe ionas go smaoineodh a gcomhpháirtithe ar obair sa phost sin nó san earnáil sin.

Tá 2 chuid sa chomórtas, agus caithfidh an fhoireann daltaí an dá chuid a chomhlánú agus a n-iontráil a chur faoi bhráid na Comhairle.

 

  1. Páipéar Taighde

Caithfidh an fhoireann fáil amach cén cineál post a thairgeann an earnáil atá roghnaithe acu. Ní mór don fhoireann 5 phost dhifriúla ar a laghad san earnáil a shainaithint agus taighde a dhéanamh orthu agus páipéar a scríobh a thaispeánfaidh an chaoi a dtéann siad i ngleic leis an taighde (modheolaíocht) agus an méid a d’fhoghlaim siad faoin earnáil agus na poist atá roghnaithe acu. Is faoin bhfoireann atá sé conas an obair ar an taighde agus ar an gcuid Margaíochta/Fógraíochta den iontráil a roinnt.

Tá an fhoireann teoranta do pháipéar de 10 leathanach A4 ar an taighde agus 1 leathanach A4 breise le haghaidh beathaisnéis na foirne a inseoidh don Chomhairle faoina bhfoireann agus faoin obair a rinne gach ball foirne ar an iontráil. Ceadaítear buíochas do mhúinteoirí, tuismitheoirí, teaghlaigh agus cairde cabhrach a chabhraigh leis an bhfoireann ceangal a dhéanamh le cuideachtaí san earnáil roghnaithe nó a chabhraigh in aon slí más mian leis an bhfoireann leathanach admhála eile a chur leis. Iomlán de 12 leathanach A4 ceadaithe.

 

  1. Margaíocht/Fógraíocht

Ní mór don fhoireann margaíocht/fógraíocht a dhéanamh ar na 5 phost dhifriúla a roghnaigh siad dá gcomhpháirtithe ar scoil, chun go mbeadh daltaí meánscoile eile ag iarraidh oibriú sna poist sin nó san earnáil sin. Tá cead ag foirne aon mhodh margaíochta/fógartha is maith leo a roghnú agus a gcuid samhlaíochta a úsáid. Seo deis na foirne a bheith cruthaitheach, bundún a chur amach, dá nuálaí is amhlaidh is fearr! Spreagtar foirne chun an earnáil a iniúchadh agus í a mhargú ar bhealach a thaitníonn leo. Ní hé cuspóir an chomórtais go mbeadh ar dhaltaí feachtas earcaíochta gairmiúil nó feachtas a dhírítear ar chéimithe an choláiste a fhorbairt, is é an aidhm atá leis ná suim a chur sna mic léinn iad féin in obair san earnáil sin agus ba chóir go mbeadh an chuid seo den chomórtas dírithe ar sin. Is féidir leis na haighneachtaí margaíochta/fógraíochta a bheith in aon fhoirm a theastaíonn ón bhfoireann i.e. Fógra Clóite, Físeán; Tiktok; Podchraoladh nó aon mheán sóisialta eile is maith leis an bhfoireann ach níor cheart go mbeadh aon fhíseán srl. níos faide ná 5 nóiméad.

An obair ar fad!

Ní mór don fhoireann oibriú le chéile chun an dá ghné den chomórtas a chríochnú. Ní mór don fhoireann taighde a dhéanamh ar phoist san earnáil a roghnaíonn siad, agus spreagtar dul i ngleic go gníomhach le cuideachtaí san earnáil sin. Ní mór don fhoireann na poist agus a gcur chuige a scríobh suas agus beathaisnéis na foirne a ullmhú mar chuid d’iontráil an chomórtais. Ní mór don fhoireann margaíocht/fógraíocht a dhéanamh ar na poist a roghnaigh siad dá gcomhpháirtithe sa mheánscoil agus ábhar margaíochta/fógraíochta a ullmhú le haghaidh meastóireachta. Cuirfidh an Chomhairle an t-ábhar is fearr chun cinn mar chuid de Straitéis Scileanna Fhine Gall agus Aonach Xplore Your Future.

Ní mór don fhoireann a bpáipéar taighde agus a n-ábhar margaíochta/fógraíochta a chur faoi bhráid an mhúinteora lena athbhreithniú agus ansin déanfaidh an múinteoir é a uaslódáil chuig Comhairle Contae Fhine Gall ó Chuntas Google Drive na scoile.

Má tá físeáin á iontráil agaibh, go hidéalach níor cheart go mbeadh an físeán níos faide ná 3 nóiméad agus gan gléineacht níos airde ná “HD”.  Ba chóir go mbeadh podchraoltaí 5 nóiméad ar a mhéad ar fad.

Déanfaidh an Chomhairle na hiontrálacha ó na scoileanna ar fad a mheas agus tabharfaidh sí cuireadh do na 3 fhoireann is fearr sna Catagóirí Sinsearacha agus Sóisearacha agus a múinteoir(í) chuig an Oifig Fiontair Áitiúil – Dámhachtainí Fiontraíochta Dalta atá le bheith ar siúl Déardaoin an 13ú Márta 2025. (Ionad le dearbhú).  Fógrófar buaiteoirí an 1ú, 2ú agus 3ú háit sna Catagóirí Sinsearacha agus Sóisearacha ar an oíche agus bronnfar na duaiseanna ar fhoirne. 

Cuirfear na hiontrálacha buaiteacha chun cinn ar ardáin meáin shóisialta Chomhairle Contae Fhine Gall agus sa tréimhse roimh an 2025 Aonach Xplore Your Future, le físeáin ar taispeáint ag an Aonach. Tar éis Searmanas na nGradam rachaidh an Chomhairle i dteagmháil le scoileanna na bhfoirne buaiteacha chun físeán a chruthú faoina dtaithí ar an gcomórtas agus faoina bhfuil foghlamtha acu.

Tá súil ag an gComhairle freisin Vox-pops a dhéanamh ag na scoileanna buaiteacha, le cead na scoile, chun a fháil amach cad a cheap na scoláirí ar na hiontrálacha, ar fhoghlaim siad aon rud ó na hiontrálacha agus an raibh tionchar ag na hiontrálacha ar dhaltaí machnamh a dhéanamh ar oibriú sna hearnálacha sin.

Don Scoil

Sa Chatagóir Sinsearach agus sa Chatagóir Sóisearach, gheobhaidh na 3 scoil is fearr i ngach catagóir Dearbháin One-For-All don scoil

  • An Chéad Duais €500
  • An Dara Duais €300
  • An Tríú Duais €200

Do Fhoireann na nDaltaí (5 dalta in aghaidh na foirne)

Sa Chatagóir Sinsearach agus sa Chatagóir Sóisearach, gheobhaidh gach duine de na scoláirí sna 3 fhoireann is fearr i ngach catagóir Dearbhán €50 One-For-All dóibh féin gach duine acu – 5 dalta in aghaidh na foirne, ar an iomlán buafaidh foireann singil €250 do a n-úsáid féin chomh maith leis an airgead duaise a bronnadh ar an scoil.

Spriocdháta le haghaidh Iontrálacha: 1ú Nollaig 2024

Ná caill amach an deis seo chun duaiseanna iontacha a bhuachan do do scoil agus duit féin agus do chairde

Cuir do chuid iontrálacha isteach go luath!

 

Má tá aon cheist agat, déan teagmháil le:  [email protected]