Pobal agus Spóirt

Oifig Spóirt Fhine Gall

Sports Programmes

Sports office commits.PNG

Tá Oifig Spóirt Fhine Gall ina ball de Líonra Comhpháirtíochtaí Áitiúla Spóirt Spórt Éireann.

Tacaímid le spóirt trí chláir nuálaíocha a sheachadadh, traenáil a chur ar fáil, treoir agus próifíl an spóirt a ardú sa Chontae agus rannpháirtíocht i spórt agus i ngníomhaíocht coirp a mhéadú do chách ar fud an Chontae. 

Gníomhach le Chéile Plean Áitiúil um Spórt agus um Ghníomhaíocht Coirp 2024-29

 

Tá foireann oifigeach spóirt againn a thugann tacaíocht pobail do ghrúpaí pobail, clubanna, scoileanna agus grúpaí gnó. Tá sé mar aidhm againn patrúin rannpháirtíochta ar feadh an tsaoil a chruthú i spórt agus i ngníomhaíocht coirp. Déanaimid é seo trí thús áite a thabhairt d'oiliúint agus d'fhorbairt d'oibrithe deonacha agus d'fhoireann Spóirt agus tacú le forbairt líonra áiseanna inrochtana d'ardchaighdeán chun freastal ar riachtanais phobail Fhine Gall atá ag fás. Cuireann Oifig Spóirt Fhine Gall tionscnaimh phobail ar fáil chun páirt a ghlacadh arís i spórt nó i ngníomhaíocht coirp, is féidir leat teacht ar na cláir seo anseo - https://sports.fingal.ie/

 

Má tá aon cheist agat maidir le spórt i bhFine Gall is féidir leat teagmháil a dhéanamh le haon duine dár n-oifigigh spóirt atá sásta cabhrú leat.

 

Buail le Foireann na hOifige Spóirt here

Fingal Sports Office Team

Deontais Trealamh Spóirt Fhine Gall

Tá Oifig Spóirt Fhine Gall tiomanta do thacú le clubanna spóirt áitiúla trí dheiseanna maoinithe a sholáthar chun trealamh spóirt a fháil. Tugann an leabhrán seo achoimre ar na catagóirí maoinithe atá ar fáil, na critéir incháilitheachta, an próiseas iarratais, agus treoirlínte chun cabhrú le clubanna a gcuid trealaimh a fheabhsú agus rannpháirtíocht spóirt a chur chun cinn laistigh den phobal.

 

Catagóirí Maoinithe
Fingal Sports Equipment Grants
Deontas um Threalamh Spóirt Riachtanach

Uasmhéid Maoinithe ar Fáil: Suas le €1,500

Aidhm: Cabhrú le clubanna trealamh riachtanach spóirt a cheannach a theastaíonn le haghaidh oiliúna agus gníomhaíochtaí laethúla.

Nóta: Is féidir le clubanna cur isteach ar an deontas seo gach bliain.

Nasc le haghaidh Deontas um Threalamh Spóirt Riachtanach - https://volunteer.tfaforms.net/f/fh2gasportee

Nasc chuig an Leabhrán Faisnéise  Fingal Sports Office Sports Equipment Grants

 

Deontas um Threalamh Mór Spóirt

Uasmhéid Maoinithe ar Fáil: Suas le €4,000

Aidhm: Cabhrú le clubanna trealamh níos mó a fháil nó dul i mbun tionscadail a éilíonn infheistíocht shuntasach.

Nóta: Is féidir le clubanna cur isteach ar an deontas seo gach dhá bhliain. Caithfidh aon earra a cheannaítear a bheith os cionn €500 an ceann chun cáiliú don mhaoiniú seo.

Nasc le haghaidh Deontas um Threalamh Mór Spóirt - https://volunteer.tfaforms.net/f/fh2gasportlse

Nasc chuig an Leabhrán Faisnéise –  Fingal Sports Office Sports Equipment Grants

*Ní féidir le clubanna ach cur isteach ar thionscadal deontais amháin in aghaidh na bliana*