Oidhreacht agus Caomhnú

Taifead na nDéanmhas Cosanta

Oidhreacht agus Caomhnú

Is ionann déanmhas cosanta agus foirgneamh, gné nó struchtúr a bhfuil suim speisialta ann atá cosanta ar chúiseanna ailtireachta, sóisialta, seandálaíochta, teicniúla, stairiúla, cultúrtha, ealaíonta agus eolaíochta. Áirítear sa chosaint seo taobh istigh agus taobh amuigh den déanmhas, agus na tailte agus aon fhoirgnimh eile laistigh dá theorainn, mura gcinneann an tOifigeach Caomhantais a mhalairt. 

 

Taifead na nDéanmhas Cosanta

Tá déanmhais chosanta i bhFine Gall liostaithe i  Record of Protected Structures atá in aguisíní Phlean Forbartha Fhine Gall 2011-2017 (nasc). Marcáiltear déanmhais chosanta ar Phlean Forbartha Fhine Gall 2011-2017 (nasc le ID 2.4.1) le ciorcal buí ina bhfuil uimhir Thaifead na nDéanmhas Cosanta uathúil. Má theastaíonn tuilleadh sonraí uait faoin déanmhas agus faoina láthair, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le hOifigeach Caomhantais Fhine Gall. Tá na sonraí teagmhála ag bun an leathanaigh seo.

Is iondúil go gcuirtear struchtúir le Taifead na nDéanmhas Cosanta nó go mbaintear iad nuair a dhéantar athbhreithniú ar Phlean Forbartha Fhine Gall, ach féadfar Taifead na nDéanmhas Cosanta a leasú am ar bith tar éis próiseas comhairliúcháin phoiblí agus cinnidh ó Chomhairleoirí Contae Fhine Gall.

Guide to Protected Structures

 

Úinéireacht Déanmhais Chosanta

Tá dualgas ar úinéirí nó ar áititheoirí déanmhais chosanta cosc a chur ar dhochar dá bhfoirgneamh trí dhamáiste nó faillí.  Teastaíonn cead pleanála chomh maith do na hoibreacha ar fad a mbíonn tionchar acu ar shaintréith an déanmhais chosanta. Is é atá i gceist leis seo go dteastaíonn cead i gcomhair raon níos leithne oibreacha ná a theastódh de ghnáth.  

Féadfaidh tú liosta de na hoibreacha ar do réadmhaoin a dteastaíonn nó nach dteastaíonn cead pleanála a fháil lena n-aghaidh ach Deimhniú a iarradh ó Oifigeach Caomhantais Fhine Gall. Tá an tseirbhís seo saor in aisce.

Section 57 Declaration Guidance Note

 

Iarratas Pleanála

Sula gcuireann tú iarratas isteach ba cheart duit dul i gcomhairle leis an bPleanálaí Ceantair áitiúil agus leis an Oifigeach Caomhantais.  Ní mór d’iarratais phleanála cloí le Validation Checklist 2017 do dhéanmhais chosanta chomh maith. Má theastaíonn suirbhé foirgnimh, ní mór dó cloí leis na Guidelines for Architectural Survey & Assessment.

Déan Teagmháil Linn

Oifigeach Caomhantais Fhine Gall 
Ríomhphost:  [email protected]
Fón: (01) 8906709