Forbairt Eacnamaíoch, Turasóireachta agus An Oifig Fiontair Áitiúil

Turasóireacht in Fhine Gall

Fine Gall mar Cheann Scríbe

Straitéis Turasóireachta Fhine Gall 2015 – 2018

Déanann Comhairle Contae Fhine Gall mórán acmhainní a infheistiú le tacaíocht a thabhairt do thurasóireacht sa chontae. Déanann an Chomhairle líon saoráidí suntasacha oidhreachta a bhainistiú agus a fhorbairt ar bhonn leanúnach; oibríonn sí go dlúth le Fáilte Éireann chun bonneagar na turasóireachta a fhorbairt; agus déanann an Chomhairle Turasóireacht Fhine Gall Teo a chistiú agus tacaíonn sí leis sna príomhfheidhmeanna atá aige le seirbhísí turasóireachta a chur chun cinn, margaí a fháil agus eolas a chur ar fáil ina leith. 

Le conair a chur ar fáil chun an earnáil a fhorbairt ghlac Comhairle Contae Fhine Gall le Straitéis Turasóireachta Fhine Gall i mBealtaine 2015.

 

Is earnáil thábhachtach dhúchasach í an turasóireacht in Fhine Gall mar a bhaineann sé le teacht isteach agus fostaíocht a ghiniúint. Caitheann cuairteoirí chuig Fhine Gall €500 milliún a chothaíonn iomlán de 20,000 post (post amháin as gach 4 phost in Fhine Gall) thar gach earnáil (iompar, miondíol, caitheamh aimsire agus seirbhísí eile).

Tá turasóireacht sa chontae ag braith go mór:

  • ar cuairteoirí lae, go háirithe chuig ionaid chois cósta agus chuig tarraingtí oidhreachta;
  • ar chuairteanna thar oíche, thart ar Aerfort Bhaile Átha Cliath go príomha.

Cuimsíonn earnáil Turasóireachta Fhine Gall mórchuid FBManna, le 800 gnó ag cur seirbhísí lóistín agus lónadóireachta ar fáil. Cothaíonn lóistín líon measta coibhéiseach de 3,000 post lánaimseartha, le 2,000 post eile ag teacht ón earnáil lónadóireachta.

An fhís atá ag Comhairle Contae Fhine Gall ná go bhfuil Fine Gall:

Ina ceann scríbe turasóireachta tarraingteach, beoga, inbhuanaithe a chuireann eispéireas ar leith ar fáil dos na háitritheoirí áitiúla agus do chuairteoirí na tíre seo agus do chuairteoirí idirnaisiúnta.

Leagann an Straitéis Turasóireachta amach iomlán de 152 gníomh faoi thrí príomhtheideal:

1.      Eispéireas cuairteoirí a optamú agus a fhorbairt

2.      Straitéis margaíochta áite nua a ghlacadh a bheidh ailínithe le agus ag giaráil ar an gComhaontas le Cur le Turasóireacht Bhaile Átha Cliath.

3.     Bealaí nua a fhorbairt le bheith ag comhoibriú le páirtithe leasmhara.

Treoróidh Comhairle Contae Fhine Gall an fhorbairt ar eispéireas turasóireachta Fhine Gall. Leagann an straitéis amach roinnt gníomhartha chun rialachas, tacaíochtaí tionscail agus comhoibriú a fheabhsú:

  • Cuirfidh Comhairle Contae ceannaireacht ar fáil chomh maith le pointe comhordaithe ‘téigh ann’.  Is é an cuspóir ná le bheith ag comhoibriú le gnólachtaí áitiúla agus le bheith i gcomhpháirt go gníomhach le páirtithe leasmhara turasóireachta chun comhtháthú níos éifeachtúla ar iarrachtaí a bhaint amach ar fud an chontae.
  • Déanfaidh Comhairle Contae Fhine Gall athbhreithniú ar roghanna chun éifeachtúlacht Thurasóireacht Fhine Gall Teo a fheabhsú i gcomhthéacs Chomhaontas le Cur Le Turasóireacht Bhaile Átha Cliath.
  • Déanfaidh Comhairle Contae Fhine Gall, tríd an Oifig Fiontair Áitiúil (LEO), fiontair turasóireachta a éascú chun teacht ar thacaíochtaí oiriúnaithe agus le féachaint le cúnamh don earnáil turasóireachta atá ar fáil faoin gclár LEADER agus an Gníomhghrúpa Áitiúil Iascaigh (FLAG), a ghalbhánú.
  • Leanfaidh Comhairle Contae Fhine Gall ag comhoibriú le húdaráis áitiúla eile Bhaile Átha Cliath agus lorgóidh sí comhfhiontair le Comhairlí Contae Chill Dara agus na Mí, go háirithe faoi shuíomhanna oidhreachta a nascadh.

Fingal Tourism Statement 2017-2022 as Gaeilge

 

Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil, le do thoil, le:

Seirbhísí Forbartha Geilleagraí

Comhairle Contae Fhine Gall

Halla an Chontae,

Sord

Contae Átha Cliath

 

Teil: 01-890 5516

Ríomhphost:  [email protected]