Dámhachtain Cónaitheachta Priontála Mínealaíne Chomhairle Contae Fhine Gall agus Stiúideo Grafach 2023
Tá fíoráthas ar Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall Dámhachtain Cónaitheachta Priontála Mínealaíne Stiúideo Grafach Bhaile Átha Cliath a fhógairt. Mar chuid den tiomantas leanúnach d’ealaíontóirí gairmiúla, tá Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall i gcomhpháirtíocht le Stiúideo Grafach Bhaile Átha Cliath ag tairiscint dhá chónaitheacht i bpriontáil mínealaíne d’ealaíontóirí gairmiúla ag céim ar bith dá ngairmeacha beatha, ag obair in aon disciplín, ar spéis leo próisis phriontála a fhiosrú.
Soláthróidh na cónaitheachtaí coicíse timpeallacht iontach chun tionscadal cruthaitheach a fhorbairt i ndéanamh priontaí agus deis chun aithne a chur ar ealaíontóirí eile. Oibreoidh na healaíontóirí a roghnófar le Máistir-Dhéantóir Priontaí agus le foireann ghairmiúil priontála chun sraith de phriontaí eagrán teoranta a chruthú agus cuirfear profaí na n-ealaíontóirí isteach i mBailiúchán Ealaíne Bardasach Chomhairle Contae Fhine Gall. Beidh an chónaitheacht ar siúl i bhFómhar 2023, ar dháta a bheidh le haontú leis na hiarrthóirí rathúla.
Le bheith incháilithe le hiarratas a dhéanamh, ní mór gur rugadh iarrthóirí, go ndearna siad staidéar nó go bhfuil cónaí orthu faoi láthair i gceantar riaracháin Fhine Gall. Níl aon taithí ar dhéanamh priontaí riachtanach.
Tabhair cuairt ar www.graphicstudiodublin.com chun foirm iarratais a íoslódáil. Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le Stiúideo Grafach Bhaile Átha Cliath trí ríomhphost a chur chuig [email protected] .
Is é an dáta deiridh chun iarratais a fháil ná Déardaoin 27ú Iúil 2023 ag 4.00in
Áireofar sa chónaitheacht:
• Cruinniú tosaigh ag an stiúideo leis an an Stiúrthóir Stiúideo agus Bainisteoir Cláir chun an tionscadal, meán priontála agus amlíne a shainmhíniú.
• Comhairle agus cúnamh ón Máistir-Dhéantóir Priontaí maidir le modheolaíochtaí priontála, chun ligean don ealaíontóir a chuspóirí a chomhlíonadh go gairmiúil le linn na cónaitheachta.
• Tacaíocht stiúideo ghairmiúil maidir le próisis theicniúla agus forbairt ealaíonta.
• Obriú sa stiúideo ó thart ar 10rn-3.30in gach lá leis an Máistir-Dhéantóir Priontaí agus / nó foireann an Stiúideo le linn na coicíse.
• Eagrán beag priontaí, arna gcruthú leis an bhfoireann sa stiúideo le linn na coicíse.
• Doiciméadú ar chónaitheacht an ealaíontóra, le Comhairle Contae Fhine Gall agus Stiúideo Grafach Bhaile Átha Cliath ar féidir a úsáid mar ábhar bolscaireachta do thionscadail amach anseo.
• Taispeántas saothair ag Dánlann Stiúideo Grafach.
• Seans go n-iarrfar ar an bhfaighteoir cur i láthair poiblí agus/nó scríofa a thabhairt ar a gcleachtas agus an chaoi a bhain siad tairbhe as an gcónaitheacht.
Cliceáil ar an nasc thíos chun físeán a fheiceáil a chuireann béim ar fhaighteoirí Dhámhachtain 2021 le linn a gcónaitheachtaí - Naomi Taitz Duffy agus Anna Hyrniewicz
www.youtube.com/watch?v=zLgLgKF7bnI