Deis chun Ealaín Phoiblí a Choimisiúnú - 1916
Tá an oifig ealaíon ag lorg moltaí ó ealaíontóirí a léireoidh na téamaí, na gníomhaíochtaí agus na carachtair a raibh páirt acu in imeachtaí 1916 i bhFine Gall. Táimid ag glacadh le moltaí a bhaineann le gach foirm ealaín agus ó gach ealaíontóir a oibríonn le gach meán. Is ionann an buiséad agus €35,000 agus is comórtas dhá chéim atá i gceist. Déanfar measúnú ar thograí bunaidh agus déanfar iad a ghearrliostú ag Céim 1, agus tabharfar cuireadh d'ealaíontóirí ar an ngearrliosta moladh níos mionsonraithe a fhorbairt ag Céim 2. Beidh an Coiste Cuimhneachán ar fáil d'ealaíontóirí a bhfuil spéis acu chun taighde breise a dhéanamh ar an téama agus tá tacaíocht táirgthe ar fáil ó Oifig Ealaíon Fhine Gall.
Tá sonraí maidir le foinse nuafhoilsithe, 'Stair Fhine Gall - Fine Gall agus an Troid ar Son Shaoirse na hÉireann', chomh maith le liosta foinsí taighde maidir leis an tréimhse 1913 - 1923 i bhFine Gall ar fáil anseo. D'fhéadfaidís a bheith ina bhfoinsí luachmhara dóibh siúd ar mian leo togra a chur isteach ag Céim 1.
Is é 11 Meitheamh 2015 an spriocdháta le haghaidh tograí Céim 1. Ní ghlacfar le tograí ach amháin iad a sheoltar leis an bpost nó a sheachadtar de láimh.
Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le
Caroline Cowley
Comhordaitheoir Ealaíne Poiblí
Comhairle Contae Fhine Gall
Oifig Ealaíon
Rannóg Pobail, Áineasa agus Áiseanna
t.01 8708449
f.01 8905102
fp.087 1201924
www.fingalarts.iewww.fingalarts.ie
Tá an treoir iomlán ar fáil anseo
Staidéar Áitiúil agus Cartlann Fhine Gall - Liosta Foinsí Taighde maidir le Stair Fhine Gall 1913 - 1923
Tá Fine Gall agus an Troid ar Son Shaoirse na hÉireann ar fáil anseo