Deis d'Ealaíontóirí, Comharghrúpaí, Eagraíochtaí nó Cuideachtaí
Deis d'Ealaíontóirí, Comharghrúpaí, Eagraíochtaí nó Cuideachtaí
Coimisiún Idirnáisiúnta um na hEalaíona Luath-óige
Dáta deiridh: 24 Samhain 2016
Tá na ceithre Údarás Áitiúla i mBaile Átha Cliath (Comhairle Contae Fhine Gall, Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin agus Comhairle Contae Bhaile Átha Cliath Theas) ag obair i gcomhar lena chéile chun fáilte a chur roimh iarratais chun saotha(i)r nua ealaíne a chruthú, saotha(i)r atá uaillmhianach agus a bhfuil an méid agus doimhneacht aige/acu a oireann lucht spéise luath-óige.
Táimid sa tóir ar dhaoine aonair, comharghrúpaí, eagraíochtaí nó cuideachtaí chun saothar ealaíne nua iontach agus uaillmhianach a fhorbairt do lucht spéise luath-óige. Áirítear leis an lucht spéise leanaí, tuismitheoirí agus oideachasóirí luath-óige.
Ba cheart ceisteanna a sheoladh chuig Orla Scannell, [email protected]
Cur i Láthair agus Plé ar an Treoir - 3 Samhain 2016
Rinne na ceithre Údarás Áitiúla i mBaile Átha Cliath cur i láthair ar Choimisiún Idirnáisiúnta um na hEalaíona Luath-óige le linn Lá Forbartha don Earnáil Ealaíon do Leanaí de chuid Oifig Ealaíon Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, sa tSaotharlann.
Is féidir an cur i láthair a fheiceáil anseo agus tá babhta ceisteanna & freagraí ar fáil chomh maith.
Tá an deis seo á maoiniú ag an Scéim um Chuireadh chun Comhoibriú de chuid Chomhairle Ealaíon na hÉireann agus na gceithre Údarás Áitiúla i mBaile Átha Cliath.
Íoslódáil treoir an choimisiúin agus an doiciméad tacaíochta ar an leathanach seo.