Deontas Frith-Bhruscair Frith-Ghraifítí 2024

Anti-Litter Anti-Graffiti Competition 2024

Reáchtálann Comhairle Contae Fhine Gall an comórtas Frith-Bhruscair Frith-Ghraifítí gach bliain. Cuireann baill de Ghrúpaí Pobail tús le neart tionscadal éagsúil. I measc na ngíomhaíochtaí tá: glantachán bruscair, ballaí eastáit a phéinteáil, múrphictiúir a phéinteáil, limistéir bithéagsúlachta a thabhairt isteach in áiteanna ina mbíonn bruscar agus dumpáil agus feachtais feasachta maidir le diúscairt bruscair agus bunanna toitíní. Tá an ciste páirt-mhaoinithe ag an Roinn Comhshaoil, Gníomhú Aeráide agus Cumarsáide.  

Cé atá in ann Iarratas a Dhéanamh?

Grúpaí pobail, scoileanna, clubanna spóirt, Botháin na bhFear/na mBan – ba mhaith linn cloisteáil uait! Má tá smaoineamh agat a chabhróidh le do phobal dul i ngleic le bruscar nó graifítí a laghdú i do cheantar, cuir in iúl dúinn!

Samplaí de thionscadail

Bunanna Toitíní

Cigarette Butts

Dá n-iarrfainn ort cad é an cineál truaillithe plaistigh is coitiata, cad a déarfá? Buidéil phlaisteacha? Coinlíní óil? Málaí?

Tá gach buille faoi thuairim go maith, ach mícheart. Is iad bunanna toitíní an cineál is flúirsí de dhramhaíl phlaisteach ar domhan, agus thart ar 4.5 trilliún bunanna aonair ag truailliú ár dtimpeallachta dhomhanda.

Ach fan nóiméad, nach ndéantar bunanna toitíní as cadás nó páipéar?

Déanta na fírinne, is plaisteach den chuid is mó atá i mbunanna toitíní agus cé go bhfuil siad beag agus nach dtugtar aird orthu de ghnáth, gheobhaidh tú iad i ngach áit geall leis. D’ainneoin a chreideann go leor duine, níl bunanna toitíní neamhdhíobhálach. Tá siad déanta as aicéatáit cheallalóis, ábhar plaisteach saorga, agus tá na céadta ceimiceán tocsaineach iontu. Cé gur féidir leis na scagairí toitíní, nó an chuid phlaisteach de bhunanna, suas le 10 mbliana a thógáil chun díghrádú go hiomlán, is féidir leis na ceimiceáin a scaoileann siad fanacht sa timpeallacht ar feadh neart blianta níos faide ná saolré an bhuin toitín féin.

Cad faoi fheachtas feasachta pobail a eagrú ar na tionchair a bhaineann le bunanna toitíní a chaitheamh? Nó glantachán pobail tiomnaithe a eagrú?

Conas a dhéanaim iarratas?

Tá iarratais oscailte anois agus is é Dé hAoine 28ú Meitheamh an dáta deiridh. Tá foirmeacha iarratais ar fáil le híoslódáil anseo.

Foirm Iarratais Bhéarla ar Mhaoiniú Frith-Bhruscair Frith-Ghraifítí 2024

Foirm Iarratais Ghaeilge ar Mhaoiniú Frith-Bhruscair Frith-Ghraifítí 2024

Is féidir foirmeacha iarratais comhlánaithe a chur ar ríomhphost chuig [email protected]

An bhfuil tuilleadh ceisteanna agat?

Cuir ríomhphost chuig  [email protected]  agus beidh áthas orainn do cheist a fhreagairt.

Department of Environment Logo