Portmarnock Hotel & Golf Links
Tugadh ardmholadh do Portmarnock Links nuair a osclaíodh é i mí an Mheithimh 1995 agus tá an cumann tar éis dul ó neart go neart agus ónóracha faighte aige ó scríbhneoirí gailf agus gairmí den chéad scoth ó shin. Chruthaigh an dearthóir Bernhard Langer mórshaothar dumhcha clasaiceach atá inchurtha le haon cheann de na cúrsaí iontacha Éireannacha nó Albanacha. Leis an gcaoi ina úsáidtear na dumhcha nádúrtha agus tíonna agus plásóga arda, fiarlána géara agus nocha ocht mbuncair atá lonnaithe go stráitéiseach, cuirfear promhadh ar na himreoirí is mó taithí. Tá dúshlán éagsúil éilitheach ag gabháil le gach poll.
SONRAÍ AN CHÚRSA
Ailtire Bernhard Langer
Cineál Cúrsa Dumhcha
Líon na bPoll 18
Par 71
Fad an Chúrsa Bonn 5992 m, Gorm 6255, Glas 5640
Teagasc ar Fáil Tá
Siopa ar Fáil Tá
Seirbhísí le Fáil ar Cíos Maidí, cairteacha agus tralaithe
Lónadóireacht Bialann
Suíomh Baile Phort Mearnóg
Cuairteoirí Tá
https://www.facebook.com /portmarnock.hotel/
https://www.instagram.com/portmarnockhotel/