Caisleán Bhinn Éadair

Howth Castle Exterior

Tá Caisleán Bhinn Éadair, a bhíodh ina theach cónaithe do mhuintir St. Lawrence ar feadh 800 bliain, ar oscailt don phobal do thurais threoraithe ag amanna ar leith i rith na bliana. Cuimsíonn na turais threoraithe príomhsheomraí an chaisleáin agus clúdaíonn siad forbairt ailtireachta an chaisleáin agus scéalta an teaghlaigh a bhíodh ina chónaí ann tráth.

Thóg muintir St. Lawrence, an teaghlach is mó le rá i mBinn Éadair ó 1177 i leith, Caisleán Bhinn Éadair ar an suíomh atá ann faoi láthair i 1235 agus baineann na gnéithe is sine den bhfoirgneamh le c. 1450. Ba é Caisleán Bhinn Éadair áit chónaithe mhuintir St. Lawrence mar Thiarnaí agus Iarlaí Bhinn Éadair ar feadh na gcéadta bliain. B’shin go dtí 1909 tar éis bhás an 4ú Iarla agus Iarla deiridh Bhinn Éadair, nuair a d’iompaigh sé ina áit chónaithe do mhuintir Gaisford-St. Lawrence a d’fhan mar úinéirí go dtí le déanaí. 

Is áit chónaithe phríobháideach é Caisleán Bhinn Éadair le fada agus tá rochtain an-teoranta ag an bpobal air. Tá úinéirí reatha an Chaisleáin ar bís chun deis a thabhairt do chuairteoirí dul isteach san fhoirgneamh iontach stairiúil seo atá ar cheann de na tithe stairiúla is tábhachtaí in Éirinn. Cosnaíonn na ticéid €15 agus is féidir iad a chur in áirithe ar láithreán gréasáin Bhinn Éadair (https://howthcastle.ie/). 

Eolas teagmhála:  [email protected]

Teil: +353 1 832 1027