Caint faoi Thuamaí Stairiúla i Reilig Teampall Mhaighréide

Tabharfaidh an t-Ailtire Caomhantais Fergal McNamara caint i Reilig Teampall Mhaighréide faoi chúram agus faoi chothabháil na dtuamaí cloiche stairiúla i bhFine Gall.

St. Margaret’s Roman Catholic Church

Tabharfaidh an t-Ailtire Caomhantais Fergal McNamara caint i Reilig Teampall Mhaighréide faoi chúram agus faoi chothabháil na dtuamaí cloiche stairiúla i bhFine Gall. Bainfear úsáid as an dá mhásailéam i Reilig Teampall Mhaighréide agus as an tuama atá iata le ráillí maisiúla iarainn theilgthe mar shamplaí den chaoi ar féidir teicnící agus ábhair chaomhnaithe oiriúnacha a úsáid chun a leithéid struchtúir suntasacha na hoidhreachta a chaomhnú agus a chosaint don ar mhaithe leis an bpobal agus leis na pobail atá le teacht.

Pléifear an tábhacht a bhaineann leis an gcothabháil leanúnach agus conas is féidir suíomh na dtuamaí stairiúla seo a chosaint agus a fheabhsú. Is cuid de shuirbhé níos fairsinge, arna choimisiúnú ag Oifig Caomhantais Fhine Gall, é ar thuamaí altóra stairiúla suntasacha, ar mhásailéim agus ar thuamaí iata sna reiligí faoi úinéireacht Chomhairle Contae Fhine Gall.

Tá an tionscadal Thuamaí Clocha Stairiúla Fhine Gall seo arna mhaoiniú ag an gComhairle Oidhreachta trína Ciste Mhaoirseacht na hOidhreachta leis an aidhm aige scaipeadh an eolais faoi chaomhnú, faoi chothabháil, faoi chosaint agus faoi chur chun cinn na dtuamaí cloiche stairiúla i bhFine Gall. Tá gá le cuid de thuamaí stairiúla Fhine Gall a dheisiú agus tá siad i mbaol tuilleadh meatha agus na dtionchar a n-eascraíonn as athrú na haeráide ar nós meath na cloiche agus caillíúint na sonraí. Is gné tábhachtach de reiligí stairiúla Fhine Gall iad iad na tuamaí se, atá lonnaithe go minic gar do lár an bhaile nó an tsráidbhaile agus iad ag cur go mór leis an gcarachtar agus leis spéis stairiúil acu.

Ionad Coinní: Carrchlós Eaglais Chaitliceach Naomh Maighréad, Teampall Mhaighréide, Co. Bhaile Átha Cliath ag 11rn Dé Sathairn an 19 Lúnasa 2023.