Clár Imeachtaí na Bithéagsúlachta Fhine Gall

Eisíonn Comhairle Contae Fhine Gall Bróisiúr do Chlár Imeachtaí na Bithéagsúlachta Fhine Gall

Tionscnamh nua ag an bhFoireann Bithéagsúlachta is ea clár na n-imeachtaí agus cuireann sé rogha na n-imeachtaí faoin aer agus faoi dhíon i láthair don phobal, an chuid is mó acu saor in aisce. Áiríonn an clár eachtraí na fánaíochta agus na snorcallaithe, deiseanna foghlama praiticiúla mar thumadóireacht locháin agus linn carraige, siúlóidí na bithéagsúlachta ag díriú ar choillearnacha, ar fhálta sceach agus ar fhéileacáin, imeachtaí faire ar éin, gníomhaíochtaí le haghaidh teaghlaigh agus leanaí faoi stiúir OWLS, seimineáir fhaisnéiseacha ghréasáin agus deis iontach le bualadh le Melissa Jeuken agus tréad na ngabhar comhraicthe dóiteáin aici - agus mórán eile.

Tagann ceannairí na n-imeachtaí as raon na n-eagraíochtaí a dhíríonn aran m bhithéagsúlacht lena n-áirítear Cairde Éanlaith Éireann, Caomhnú Féileacán Éireann, Fálta Sceach Éireann, Cumann Herpeaiteolaíoch na hÉireann agus Grúpa Míolta Móra agus Deilfeanna na hÉireann. 

Sé aidhm an chláir ná rogha fairsing bealaí a thairiscint do dhaoine de gach aois agus de gach cúlra le haghaidh foghlaim faoin mbithéagsúlacht luachmhar againn i gceantar Fhine Gall agus dul i ngleic léi. Tá súil againn go dtabharfaidh sé deis do n phobal tuiscint agus meas níos doimhne a fhorbairt ar dhomhan an dúlra agus, más gá, spraoi a bhaint acu as ag an am céanna. 

Tá gach eolas faoi na himeachtaí le feiceáil sa bhróisiúr clóite, nó ar líne ag eventsinfingal.ie. Má tá aon cheist agat nach bhfuil clúdaithe sa bhróisiúr nó i liostaí na n-imeachtaí, seol í chuig [email protected] .

biodiversity events list
Biodiversity events brochure apr-june 24