Oíche Chultúir i Leabharlann Mhullach Íde

Culture Night in Malahide Library Reuben

Cuir aithne ar Leabharlann Mhullach Íde mar spás pobail ar Oíche Chultúir agus oíche spraoi teaghlaigh á cur i láthair againn Dé hAoine, an 20ú Meán Fómhair!

 

Reuben an Siamsóir

Am: 6 – 7in

Sa Seó Ilsiamsa ardfuinnimh fíorghreannmhar seo, beidh gach duine sna tríthe gáire ag Reuben lena dhraíocht, a phuipéid, a bhréagáin ghreannmhara, a ghuthanna seafóideacha agus a chorp lúbach! Ná caill an spraoi idirghníomhach seo atá oiriúnach do gach aois, fiú do dhaoine fásta! Áirithint trí Leabharlann Mhullach Íde.  Teil: 01-8704430, R-phost:  [email protected]

Culture Night in Malahide Library

Helena an Scéalaí

Am: 7in – 8in

Bí i dteannta Helena an Scéalaí don eispéaras scéalaíochta bríomhar, idirghníomhach seo! Ó scéalta taibhsí scanrúla, ollphéisteanna agus Leipreacháin go scéalta sí cáiliúla a bhfuil casadh iontu, beidh na scéalta seo lán le spraoi do leanaí agus daoine fásta araon. Aoiseanna 5 bliana + Áirithint trí Leabharlann Mhullach Íde.  Teil: 01-8704430, R-phost:  Mala%68ide%[email protected] " rel="nofollow"> [email protected]

Culture Night in Malahide Library

Péint Aghaidhe Slat Draíochta

Am: 6in – 8in

Ar mhaith leat féin nó do leanbh a bheith mar an tíogar ag teacht don tae? Nó a bheith i dteannta na síog tuar ceatha? Bí mar an carachtar is fearr leat don tráthnóna le Péint Aghaidhe Slat Draíochta! Fáilte roimh chách, ní gá áirithint a dhéanamh.

Culture Night in Malahide Library

Turas Leabharlainne

Am: 6in – 8in

Buail isteach chuig Leabharlann Mhullach Íde, glac féinín sa Stáisiún Féiníní agus tú gléasta mar an carachtar leabhair is fearr leat ag baint úsáide as na prapaí. Fiosraigh an domhan fíorúil trínár ngléasanna cinn Réaltachta Fíorúla. Féach cad iad na ríomhsheirbhísí atá le tairiscint againn! Fáilte roimh chách, ní gá áirithint a dhéanamh.

 

Taispeántas Ealaíne le Ankita

Am: 6 – 8in

Is cumasc d’ealaín agus stíleanna ársa iad saothair ealaíne Ankita. Agus í faoi gheasa ag áilleacht nádúrtha na hÉireann thosaigh sí ag ionchorprú tírdhreacha na hÉireanna ina pictiúir sean-stíl ealaíne. Do Ankita, is cineál machnaimh é Dot Mandalas a phéinteáil, rud a dhéanann sí saorláimhe, gan aon línte nó greillí. Fáilte roimh chách, ní gá áirithint a dhéanamh.