Oíche Chultúir i Leabharlanna Fhine Gall 2024 – Oíche Chultúir i Leabharlann Bhaile Bhlainséir

Culture Night in Blanchardstown Library

Buail isteach i Leabharlann Bhaile Bhlainséir ar Oíche Chultúir, Dé hAoine, 20ú Meán Fómhair, agus oíche d’imeachtaí a oireann don teaghlach á cur i láthair againn.

Searmanas Gradaim Réaltaí an tSamhraidh

Am: 5.45 – 7in

Tar éis Samhradh iontach léitheoireachta, is féidir le leanaí a dteastais Réaltaí an tSamhraidh a bhailiú i Leabharlann Bhaile Bhlainséir. Ní gá áirithint a dhéanamh

Waffles an Seó Draíochta Iontach  

Am: 6 – 7in

Tar agus déan ceiliúradh ar dheireadh Réaltaí an tSamhraidh 2024, le haoibhneas speisialta – seó draíochta le Waffles Iontach! Is cinnte go gcuirfidh Waffles, draíodóir a bhfuil duaiseanna buaite aige, meangadh gáire ar aghaidh gach duine. Spraoi don teaghlach ar fad. Ní gá áirithint a dhéanamh

Mionsamhlú Balúin le Esmeralda

Am: 6 – 8in

Spraoi mionsamhlaithe balúin do leanaí de gach aois le Esmerelda. Ní gá áirithint a dhéanamh  

Turais Spás Cruthaitheachta

Am: 6 – 8in

Buail isteach chuig Spás Cruthaiteachta Leabharlann Bhaile Bhlainséir le haghaidh turas den spás agus trealamh. Fáilte roimh chách, ní gá áirithint a dhéanamh.

Taispeántas Lego le Grúpa Úsáideoirí Lego na hÉireann

Am: 6 – 8.30in

Beidh baill áitiúla de Ghrúpa Úsáideorí LEGO na hÉireann ag taispeáint a múnlaí LEGO – tacair oifigiúla agus saincheaptha.  Deis iontach do gach díograiseoir LEGO, idir dhaoine fásta agus leanaí araon, teacht chun roinnt saothair bricí iontacha a fheiceáil. Beidh foirgnimh chathrach, radhairc stairiúla, carranna mionsamhlacha agus go leor eile déanta as píosaí plaisteacha! Fáilte roimh chách, ní gá áirithint a dhéanamh.

Culture Night in Blanchardstown Library

Taispeántas ChildVision

Am: 6 – 8.30in

Beidh an tIonad Náisiúnta Oideachais do Leanaí Dall ChildVision ag léiriú leabhair i bhformáidí malartacha mar leabhair thadhlacha agus braille. Beidh cluichí agus gníomhaíochtaí spraoiúla freisin as nós d’ainm i mbraille, stáisiún bolaidh, agus míreanna mearaí le réiteach! Fáilte roimh chách, ní gá áirithint a dhéanamh.

Culture Night in Blanchardstown Library

Doinsiúin agus Dragain

Am: 6.30 – 8.30in

Bígí linn le haghaidh eachtra eipice ag ár n-imeacht **Doinsiúin agus Dragain **! 🐉 Beir greim ar do dhísle, cruthaigh carachtar, agus téigh i muinín domhan na fantaisíochta agus na samhlaíochta. Cíbe más imreoir thú a bhfuil taithí agat nó imreoir nua, tá fáilte roimh chách dul ar thóraíocht, ollphéisteanna a throid, agus ríochtaí draíochta a fhiosrú. Cas le taiscéalaithe eile, cruthaigh cairdeas, agus lig do do chruthaitheacht bláthú san eispéireas cluiche rólimeartha barr tábla seo. Ná caill an deis an dísle a chaitheamh agus am iontach a bheith agat!. Beidh seisiúin do leanaí agus do dhéagóirí, agus seisiún céadfach.

Oiriúnacht Aoise: leanaí (8-12 bliana d’aois)

Áirithint trí Eventbrite: https://www.eventbrite.ie/e/dungeons-and-dragons-tickets-988999011667?aff=oddtdtcreator

Oiriúnacht Aoise:  Déagóirí (12-16 bliana d’aois)

Áirithint trí Eventbrite: https://www.eventbrite.ie/e/dungeons-and-dragons-tickets-988999011667?aff=oddtdtcreator

Seisiún Céadfach. Oiriúnacht Aoise: 8-16 bliana d’aois

Áirithint trí Eventbrite: https://www.eventbrite.ie/e/dungeons-and-dragons-sensory-friendly-tickets-989004979517?aff=oddtdtcreator

 

Craobh Slí Dhála – Seisiún Ceoil Traidisiúnta na hÉireann

Am: 6.45 – 7.45in

Bí linn do roinnt ceoil traidisiúnta den chéad scoth le Craobh Slí Dhála – brainse de Chomhaltas Ceoltoirí Éireann atá bunaithe i mBaile Átha Cliath 15. Ceol don saol - Bígí linn! Fáilte roimh chách, ní gá áirithint a dhéanamh.

Blanchardstown Brass Band

Banna Práis Bhaile Bhlainséir

7.45 – 8.30in

Tá Banna Práis Bhaile Bhlainséir ar ais chun clabhsúr a chur leis an oíche dúinn anseo i Leabharlann Bhaile Bhlainséír, de réir ár dtraidisiúin. Agus é ar cheann de na bannaí is sine in Éirinn, tá Banna Práis Bhaile Bhlainséir tiomanta do spéis sa cheol práis a chothú in aos óg an phobail. Tá fíoráthas orainn fáilte a chur rompu ar ais do sheisiún álainn. Fáilte roimh chách, ní gá áirithint a dhéanamh.