Robin Hood, An Gheamaireacht - Léiriú Suaimhneach

Grúpa Geamaireachta Chúil Mhín

DÉ CÉADAOIN 08 EANÁIR 2020 7 P.M. Príomh-Halla // Léiriú Suaimhneach €19

Tá Grúpa Geamaireachta Chúil Mhín ar ais le leagan geamaireachta an fhinscéil Robin Hood don teaghlach ar fad. Glac páirt sa spraoi fad a théann An Ridire Robin de Locksley agus a mháthair, An Bhantiarna Rose Bud, chun troda le claimhte agus saigheada i gcoinne Shirriam Nothingdoing, An Ridire Guy Stirling. An féidir leis an Ridire Robin Maid Marian a tharrtháil ón Sirriam olc? Is cinnte go mbeidh spraoi agus gáire ann in éineacht le Fir Mheidhreacha Robin, Friar Tuck agus a Mhanaigh a Shrannann agus na Mná Rialta Ceolmhara an Ghrinn.

Ag ár Léiriú Suaimhneach Dé Céadaoin 8 Eanáir, ní bheidh aon torann ná plab tobann ann, beidh líon teoranta daoine ann, beidh tú ábalta bogadh timpeall, beidh an solas níos boige agus níos gile ann agus beidh airde an cheoil ag leibhéal oiriúnach. Chomh maith leis sin, cuirfimid limistéar scíthe ar fáil ina mbeidh solas íseal agus beidh tuismitheoirí/caomhnóirí ábalta páistí a bhféadfadh sos beag a bheith ag teastáil uathu a thabhairt ann. Cosnaíonn ticéid don léiriú seo €19.