Taispeaint Scannán Sheachtain Ghníomhaíochta Aeráide Bhaile Átha Cliath: A Note for Nature

A Note for Nature

D’fhonn Seachtain Ghníomhaíochta Aeráide Bhaile Átha Cliath a cheiliúradh, beidh Scannán Faisnéise Éireannach ‘A Note for Nature’ á thaispeáint i dtrí leabharlann. Is ceiliúradh é A Note for Nature ar Éirinn fhiáin agus treoir chun gnímh. Thar uair an chloig, buailfimid le roinnt daoine iontacha atá ag caitheamh a mbeatha ag cosaint dúlra na hÉireann atá ag dul i léig. Trí cheol ó Cheolfhoireann Choirme RTÉ agus taibhithe iontacha suímh ó cheoltóirí den chéad scoth, léirímid cuid de na háiteanna fiáine is leochailí in Éirinn agus na hainmhithe cráite a éiríonn leo, ar bhealach éigin, maireachtáil ann. Ba mhaith le Leabharlanna Fhine Gall buíochas a ghabháil le Crossing the Line Productions as na taispeáintí seo a éascú. Chun d’áit a chur in áirithe, déan teagmháil le do thoil leis an leabharlann atá ag óstáil na taispeána.

Leabharlann Bhaile Bhlainséir: Déardaoin, 12ú Meán Fómhair ag 6:30 – 7:30 in.

Leabharlann Bhaile Brigín: Dé Sathairn, 14ú Meán Fómhair 11 rn – 12 in.

Leabharlann Mhullach Íde: Dé Sathairn, 14ú Meán Fómhair ag 3 – 4 in.