Teacht le chéile fíorúil do Sheachtain na hOidhreachta ar Zoom

Seachtain na hOidhreachta

Tá an Ghaeilge an-tábhachtach i bhFine Gall agus is féidir le díograiseoirí teacht le chéile ar líne chun caint, scéalta a roinnt, dánta a léamh nó amhráin a chanadh i gcomhrá Zoom as Gaeilge Sheachtain na hOidhreachta, a chuirfidh Oifigeach Gaeilge Chomhairle Contae Fhine Gall, Bernie Kelly, ar siúl.  Titfidh na himeachtaí seo amach Dé Céadaoin, an 19 Lúnasa ó 7pm  (ID 822 3835 7119 Pasfhocal 143415) agus Dé Sathairn, an 22 Lúnasa ó 12 meán lae (ID 852 9829 7432 Pasfhocal 116058). Seol ríomhphost chuig  [email protected]  chun teacht ar eolas breise.