FW20A/0021 – Iarratas ag Comhlacht Chalafort Átha Cliath

FW20A/0021 – Iarratas ag Comhlacht Chalafort Átha Cliath

Tugtar fógra leis seo de bhun Cuid II, Leasú ar Achtacháin Ilghnéitheacha de Alt I. Uimh. 352, Alt 10 de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rannpháirtíocht an Phobail 2010Alt 34(1A) den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú) agus Alt 172(1) den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú), go raibh gá le Tuarascáil Mheasúnaithe Tionchair Timpeallachta a bheith in éineacht leis an uimhir thagartha phleanála FW20A/0021.

Rinne Comhlacht Chalafort Átha Cliath an t-iarratas ar fhorbairt le saoráidí stórála agus lóistíochta le clóis, trádstórais, ceardlanna agus oifigí coimhdeacha ag Láithreacha 1, 3, 4, 5, 6, 7, agus 9 agus leasú ar fhorbairt cheadaithe ( Tagairt Chlárúcháin FW19A/0101 agus F18A/0139) ag Láthair 8 agus líonra inmheánach bóithre ag Calafort Intíre Bhaile Átha Cliath, ó Dheas de Pháirc Lóistíochta Aerfort Bhaile Átha Cliath, As Ascaill na Mailpe, Buaile an Gheimhridh, Teampall Mhaighréide, Co. Bhaile Átha Cliath. Lorgaíodh cead pleanála don fhorbairt seo a leanas: 

Láthair 1 (c.1.54 heicteár) ina bhfuil foirgnimh stórais lena n-áirítear oifig choimhdeach de c.2433 méadar cearnach agus c.10 méadar ar airde le 1 chomhartha ar an bhfoirgneamh agus c.280 méadar cearnach de phainéil fhótavoltacha ar an díon agus clós stórála le thart ar 50 spás leoraí.  

Láthair 3 (c.0.87 heicteár) ina bhfuil foirgneamh oifige de c.144 méadar cearnach agus c.4.6 méadar ar airde le 1 chomhartha ar an bhfoirgneamh agus c.60 méadar cearnach de phainéil fhótavoltacha ar an díon agus clós stórála le thart ar 24 spás leoraí agus thart ar 205 spás stórála gluaisteán.

Láthair 4 (c.2.99 heicteár) ina bhfuil foirgneamh trádstórais lena n-áirítear ceardlann, stór, fostáisiún agus oifig choimhdeach de c.8,061 méadar cearnach agus c.15 méadar ar airde agus c.680 méadar cearnach de phainéil fhótavoltacha ar an díon agus clós stórála le thart ar 70 spás leoraí agus thart ar 96 spás stórála gluaisteán.   

Láthair 5 (c.1.16 heicteár) ina bhfuil foirgneamh trádstórais lena n-áirítear ceardlann agus oifig choimhdeach de c.735 méadar cearnach agus 10.2 méadar agus foirgneamh oifige c.300 méadar cearnach agus c.5.8 méadar ar airde le 1 chomhartha ar an bhfoirgneamh, agus clós stórála le thart ar 28 spás leoraí agus lena n-áirítear limistéar níocháin feithiclí agus limistéar stórála breosla.

Láthair 6 (c.0.31 heicteár) ina bhfuil trádstóras agus foirgneamh stórais lena n-áirítear oifig choimhdeach c.569 méadar cearnach agus 10.2 méadar ar airde le 1 chomhartha ar an bhfoirgneamh agus c.92 méadar cearnach de phainéil fhótavoltacha ar an díon agus clós stórála le thart ar 7 spás leoraí.

Láthair 7 (c1.2 heicteár) ina bhfuil foirgneamh trádstórais lena n-áirítear oifig choimhdeach c.1,293 méadar cearnach agus c.10 méadar ar airde le 1 chomhartha ar an bhfoirgneamh agus c.220 méadar cearnach de phainéil fhótavoltacha ar an díon agus clós stórála le thart ar 42 spás leoraí.

Láthair 9 (c.0.47 heicteár) ina bhfuil foirgneamh trádstórais lena n-áirítear oifig choimhdeach c.569 méadar cearnach agus 10.2 méadar ar airde le 1 chomhartha ar an bhfoigneamh agus c.92 méadar cearnach de phainéil fhótavoltacha ar an díon agus clós stórála le c.8 spás leoraí.

Cuimseoidh an fhorbairt atá beartaithe ar fud na 7 láithreacha: 134 spás páirceála gluaisteán d’fhoireann agus 112 spás páirceála rothar; cóireáil dromchla ard-neart lena n-áirítear draenáil faoi thalamh, maolú, seirbhísí uisce agus bonneagar leictreachais lena n-áirítear 2 fhostáisiún de c.14 méadar cearnach agus c.26 méadar cearnach faoi seach; fál leictrithe 3 méadar ar airde agus fál inmheánach 4.5 méadar feadh theorainn Láthair 4 agus fálta 2.4 méadar ar airde feadh teorainneacha láithreacha inmheánacha eile; bealaí isteach feithiclí agus coisithe le geataí chuig gach láthair; fálú ard 3 méadar ar airde feadh teorainneacha seachtracha na láithreach;  Poil CCTV (thart ar 7.5 méadar) agus soilsiú nua (lena n-áirítear 8 dtúr soilsithe (thart ar 30 méadar)); agus gach obair thírdhreacha, ghléasra, láithreáin agus tógála a ghabhann leis.

Féachann an t-iarratas ar Láthair 8 a leasú mar a cheadaítear faoi Thagairt Chlárúcháin FW19A/0101. Leathnófar an clós laistigh de Láthair 8 ó thuaidh agus soir agus méadóidh an láthair sa limistéar ó 3.1 go 3.5 heicteár. 

Féachann an t-iarratas freisin ar líonra inmheánach bóithre a leasú mar a cheadaítear faoi Thagairt Chlárúcháin FW19A/0101 agus Tagairt Chlárúcháin FW18A/0139. Tá an bealach isteach ceadaithe (Tagairt Chlárúcháin FW18A/0139) Láthair 1 bogtha níos faide ó dheas agus tá an bealach isteach ceadaithe (Tagairt Chlárúcháin FW18A/0139) chuig Láthair 4 san iarthar bainte anois. Leathnaíodh an bealach isteach ceadaithe (Tagairt Chlárúcháin FW19A/0101) chuig Láthair 4 san oirthear. Gach forbairt le tarlú ar shuíomh c.10.4 heictéar. Tá an t-iarratas le haghaidh cead pleanála 10 mbliana.

Ullmhaíodh Tuarascáil Mheasúnaithe Tionchair Timpeallachta maidir leis an bhforbairt atá beartaithe.

Tá an tÚdarás Pleanála ag cur in iúl don phobal go ndearna Comhairle Contae Fhine Gall cinneadh cead a thabhairt don fhorbairt thuas ar an 7ú Aibreán 2020.

Is féidir leis an iarrthóir agus aon duine a rinne aighneachtaí nó barúlacha i scríbhinn chuig an Údarás Pleanála i ndáil leis an iarratas pleanála de réir Alt 37(1) den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú) achomharc a dhéanamh ar chinneadh den sórt sin chuig An Bord Pleanála. 

Is féidir le duine bailíocht aon chinnidh ón údarás áitiúil a cheistiú trí iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú breithiúnach, faoi Ordú 84 de Rialacháin na gCúirteanna Uachtaracha (Alt I. Uimh. 15 de 1986), de réir Alt 50 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú). Is féidir le duine bailíocht aon chinnidh ar achomharc ag an mBord a cheistiú trí iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú breithiúnach, faoi Ordú 84 de Rialacháin na gCúirteanna Uachtaracha (Alt I. Uimh. 15 de 1986), de réir Alt 50 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú).

Is féidir faisnéis phraiticiúil ar na meicníochtaí achomhairc agus athbhreithnithe a fháil ar láithreán gréasáin um Fhaisnéis do Shaoránaigh. Is údarás poiblí reachtúil é an tSeirbhís um Fhaisnéis do Shaoránaigh atá freagrach as faisnéis éagsúil a sholáthar do bhaill an phobail. Tá faisnéis phraiticiúil ar fáil freisin ar láithreán gréasáin An Bord Pleanála, agus ar láithreán gréasáin Sheirbhís Chúirteanna na hÉireann

Is féidir sonraí maidir leis an tagairt phleanála dá dtagraítear san fhógra seo a fheiceáil ar an láithreán gréasáin seo ar an gcóras pleanála ar líne tríd an tagairt phleanála uimh. FW20A/0021 a chur isteach sa réimse tagartha pleanála.