Iniúchadh Fine Gall ar Thaifid na hOidhreachta Béal

Image of cassette tapes in a box

Tá iniúchadh spreagúil nua fógartha ag Oifig Oidhreachta Chomhairle Contae Fhine Gall, le cúnamh ón gComhairle Oidhreachta, ar thaifeadtaí na hoidhreachta béil i gContae Fhine Gall.   Tá sé mar aidhm ag an tionscadal bailiúcháin thaifeadta na hoidhreachta béil agus an bhéaloidis atá ar bun le blianta fada anuas, ag comhlachtaí príobháideacha agus poiblí, agus ag daoine aonair chomh maith, a aithint. Leathnaíonn raon na hoibre seo ón scoláireacht ghairmiúil á dhéanamh Coimisiún Béaloideasa Éireann go dtí bailiúcháin na traidisiún agus na nósanna tíre an phobail agus go dtí na taifeadta teaghlaigh arna ndéanamh ar chuimhní cinn na seantuismitheoirí. 

Baineann an t-iniúchadh, a bheidh ar siúl suas go dtí Mí Dheireadh Fómhair na bliana 2024, le cuimhní cainte o bhéal amáin agus ní le taifeadtaí an cheoil, na hamhránaíochta srl. agus tá sé dírithe ar mhionliosta an méid dá bhfuil taifeadta chomh maith le haon fhaisnéis faoi na bailiúcháin, lena n-áirítear an suíomh, an riocht, an formád, na hábhar srl reatha acu.

Céard iad na bailiúcháin i gceist?

Thar raon na n-acmhainní ó na cartlanna siúd arna dearnadh catalóg gairmiúil orthu go dtí na boscaí bróg lán le sean-téipeanna caiséad, tiomsóidh an t-iniúchadh an chéad bunachar na sonraí a léireoidh an méid atá bailithe le blianta anuas maidir leis an gcontae agus bunófar príomhphointí eolais ar gach bailiúchán/taifeadadh. I measc cineálacha na n-ábhar a scrúdaítear i mbailiúcháin na hoidhreachta béil, tá:

  • Scéalta beatha
  • Béaloideas, nósanna agus creideamh an phobail, an Ghaeilge
  • Feirmeoireacht/talmhaíocht/Iascaireacht
  • Seanchas béil tréimhse réabhlóid each na hÉireann
  • Daoine le mórthionchar acu (polaitíocht, spórt, reiligiún, litríocht, saol poiblí)
  • Seancheirdeanna/Iascaireacht
  • An Cogadh Eacnamaíoch, an Éigeandáil (An Dara Cogadh Domhanda)
  • Leictriú na tuaithe/Athrú Sóisialta/Siamsaíocht

Cuirtear fáilte roimh gach Formáid: Ríl, téip caiséid, miondhioscaí, VHS, Físeáin, Taifid dhigiteacha, podchraoltaí, naisc le píosaí físe ar líne.

Tomás Mac Conmara - Audit of Oral Heritage in East Galway

Comhairliúchán agus Modheolaíocht

Ceapadh Mac Conmara Heritage Consulting, príomh-shaineolaithe i réimsí na hoidhreachta agus na staire béil, agus i seachadadh na mór-iniúchtaí cultúrtha, le bheith i gceannas ar an tionscadal. Tá iniúchtaí dá leithéid curtha i gcrích ag Mac Conmara Heritage Consulting i gContae Dhún na nGall, Cill Chainnigh, Gaillimh, an Iarmhí, Maigh Eo agus Corcaigh.   Faigheann cur chuige ullmhú cúramach an iniúchta sonraí ríthábhachtacha lena n-áirítear méid, formáidí agus staid an bhailiúcháin ionas go ndéanfar caomhnú digiteach air. Giníonn a leithéid acmhainne digiteacha ar féidir á úsáid a bhaint astu le haghaidh na meiteashonraí gaolmhara, cur síos ar leibhéal an bhailiúcháin, na naisc agus na seoltaí ghréasáin atá ar fáil srl. a léiriú.

 

Conas is féidir páirt a ghlacadh?

Má tá aon bhailiúcháin ar eolas agat, bheimis an-bhuíoch dá bhféadfá an suirbhé a chríochnú

Más grúpa áitiúil oidhreachta nó pobail, nó duine aonair atá ionat agus a bhfuil ag iarraidh a chinntiú go mbeadh do bhailiúchán áitiúil mar chuid den tionscadal, déan teagmháil dhíreach le Mac Conmara Heritage Consulting ag [email protected] [email protected] nó ag +353 86 2747230.

Heritage Council Logo