Comhshaol

Soláthar d’Ionaid Fónta Pobail (Ionaid Athchúrsála)

Athchúrsáil

Méadú ar Tháillí Seirbhíse na n-Ionad Athchúrsála Le hÉifeacht ón 01/01/2025



Beidh Comhairle Contae Fhine Gall ag méadú na dtáillí seirbhíse d’fheithiclí a théann isteach in Ionaid Athchúrsála Chúil Mhín agus an Inbhir. Tá an méadú seo le teacht i bhfeidhm ón 1ú Eanáir 2025. 

LÉIRÍTEAR AN MÉADÚ AR THÁILLÍ SEIRBHÍSE THÍOS

Táillí Seirbhíse um Dhramhaíl Ghinearálta

Cineál Feithicle

Táille Reatha

Táille Nua

Búit Cairr

€8

€12

Carr Iomlán/Jíp/SUV

€16

€30

Carr/Veain-Carr agus Leantóir

€40

€50

Veain Idirmheánach/Veain Iompair

€128

€128

Táillí Seirbhíse um Dhramhaíl Ghlas

Cineál Feithicle

Táille Reatha

Táille Nua

Búit Cairr

€4

€6

Carr Iomlán/Jíp/SUV

€8

€10

Carr/Veain-Carr agus Leantóir

€24

€35

Veain Idirmheánach/Veain Iompair

€0

€80

       

 

Ionad Athchúrsála Chúil Mhín ar Eastát Tionsclaíochta Chúil Mhín, Baile Átha Cliath 15,  le taobh Stáisiún Dóiteáin Chúil Mhín.

Teileafón: (01) 890 5986

Ionad Athchúrsála an Inbhir i Sórd, le taobh Pháirc Gnó Shóird, ar mhótarbhealach an M1.

Teileafón: (01) 890 5985

Athchúrsála Chúil Mhín, Chúil Mhín ar Eastát Tionsclaíochta Chúil Mhín, Baile Átha Cliath 15. Táimid le taobh Stáisiún Dóiteáin Chúil Mhín.

Teileafón: (01) 890 5986

Ionad Athchúrsála an Inbhir i Sórd, le taobh Pháirc Gnó Shóird, ar mhótarbhealach an M1.

Teileafón: (01) 890 5985

Tá Ionad Athchúrsála Chúil Mhín ar oscailt ó 9am go 4pm ó Luan go Satharn (feithicil dheireanach 3.45pm). Bíonn sé dúnta ar an Domhnach agus ar Saoirí Bainc.

Bíonn Ionad Athchúrsála Estuary ar oscailt ó 8am go 8pm ó Luan go Aoine (feithicil dheireanach 7.30pm), agus 8am go 6pm Dé Sathairn (feithicil dheireanach 5.30pm Dé Sathairn). Bíonn sé dúnta ar an Domhnach agus ar Saoirí Bainc.

Tabhair ar d’aire, le do thoil: Le linn drochaimsire tharlódh sé go mbeadh ar na hionaid athchúrsála dúnadh ar chúiseanna sláinte agus sábháilteachta.

Ní thógann na hionaid athchúrsála ach dramhaíl tí. Ní ghlactar le dramhaíl tráchtála.

An bhfuil dea-riocht ar na hearraí ar mhian leat a bheith réidh leo? Má tá cén fáth nach gcuirfeá fógra ar www.freetradeireland.ie?  Ar an mbealach sin beidh tú ag coigilt airgid agus beidh saol eile ag do chuid earraí agus is mó an tairbhe a bheadh ann don chomhshaol seachas iad a athchúrsáil.

  • páipéar
  • cairtchlár
  • cartáin
  • cannaí agus stáin
  • buidéil agus crúscaí gloine
  • buidéil phlaisteacha – ba chóir iad a bheith nite agus brúite ar a chéile agus na caipíní bainte díobh.
  • pacáistíocht ghlan phlaisteach
  • éadaí
  • Dramhthrealamh leictreach agus leictreonach(WEEE)
  • feadáin fhluaraiseacha agus bolgáin a bhí tíosach ar fhuinneamh 
  • batairí carranna agus tí
  • ola cócaireachta agus ola innill
  • dramhaíl théagartha (m.sh. troscán, cairpéid, tochtanna)
  • adhmad
  • miotal
  • dramhaíl ghlas (teoranta do charranna agus do leantóirí beaga)
  • ithir agus clocha
  • duivéanna agus piliúir
  • dramhaíl ghuaiseach tí (péint, lotnaidicídí, glantóirí tí, &rl.)

Méadú ar Tháillí Seirbhíse na n-Ionad Athchúrsála Le hÉifeacht ón 01/01/2025

 

LÉIRÍTEAR AN MÉADÚ AR THÁILLÍ SEIRBHÍSE THÍOS

Táillí Seirbhíse um Dhramhaíl Ghinearálta

Cineál Feithicle

Táille Nua

Búit Cairr

€12

Carr Iomlán/Jíp/SUV

€30

Carr/Veain-Carr agus Leantóir

€50

Veain Idirmheánach/Veain Iompair

€128

Táillí Seirbhíse um Dhramhaíl Ghlas

Cineál Feithicle

Táille Nua

Búit Cairr

€6

Carr Iomlán/Jíp/SUV

€10

Carr/Veain-Carr agus Leantóir

€35

Veain Idirmheánach/Veain Iompair

€80

 

 

 

Is féidir íocaíocht a dhéanamh ag an ionad athchúrsála le cárta dochair/cárta creidmheasa. Mura bhfuil cárta dá leithéid agat b’fhiú smaoineamh ar chárta réamhíocaíochta mar Chárta Airgid O2 nó Cárta Payzone a úsáid.