100 Gníomh Práinneach chun Caillteanas Bithéagsúlachta a Aisiompú faoi 2030

bearded man holding document while sitting on log in flowers and grass

D'fhoilsigh Comhairle Contae Fhine Gall Dréachtphlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta d'Fhine Gall a chlúdaíonn 2022 go 2030. Leis an bplean seo, cuirtear clár uaillmhianach ar aghaidh de 100 gníomh a theastaíonn chun aghaidh a thabhairt ar chailliúint na bithéagsúlachta agus chun meath ar an mbithéagsúlacht a aisiompú faoi 2030.

Deir Hans Visser, Oifigeach Bithéagsúlachta Chomhairle Contae Fhine Gall, gur bagairt é cailliúint na bithéagsúlachta ar an scála céanna leis an éigeandáil aeráide agus go dteastaíonn aird phráinneach air má táimid chun carachtar Chontae Fhine Gall a chosaint. 'Tá imní mhór ann faoin mbithéagsúlacht i bhFine Gall. Tá damáiste á dhéanamh do ghnáthóga nó tá siad caillte agus tá laghdú tagtha ar líon na speiceas. Is iad na príomhbhagairtí ar bhithéagsúlacht i bhFine Gall ná caillteanas gnáthóg mar thoradh ar fhorbairt, suaitheadh áineasa, athrú aeráide, truailliú uisce, agus speicis ionracha. Is é an rud is tábhachtaí le tabhairt faoi deara ná go bhfuil cuid mhaith de inchoiscthe nó inchúlaithe má úsáidtear na hacmhainní cearta. Teastaíonn an dúlra uainn inár saol agus ní mór dúinn oibriú chun é a chosaint.'

Cuireann Plean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Fhine Gall creat gníomhaíochta ar fáil sna 8 mbliana amach romhainn, atá leagtha amach os cionn 100 pointe gníomhaíochta. Tá tosaíocht ar leith curtha ag Comhairle Contae Fhine Gall ar 32 de na gníomhartha seo a deir sí atá indéanta le tacaíocht ó chomhpháirtithe lena n-áirítear Cairde Éanlaith Éireann, an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra agus grúpaí bailte slachtmhara áitiúla.

bearded man holding illustration of fingal county stands next to water with swans in background

Thuas: Oifigeach Bithéagsúlachta Hans Visser -griangraf ag  Anaclann Dúlra Tuirbhe

Deir Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Séana Ó Rodaigh, go gcaithfimid breathnú ar an bpictiúr mór agus muid ag smaoineamh ar bhithéagsúlacht. 'Tá meascán uathúil agus álainn d'áiteanna uirbeacha agus tuaithe ag Fine Gall ónár gcósta iontach, go dtí ár dtailte saibhre talmhaíochta cáiliúla agus bailte gnóthacha rathúla. Níl in éin, beatha mhuirí, flóra agus fána ach cuid de na gnéithe bithéagsúla a fhágann gur áit chomh speisialta sin iad Fine Gall agus cuideoidh an Plean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta linn na héiceachórais seo a chaomhnú.'

 

Tá dhá sheisiún eolais ar líne beartaithe chun deis a thabhairt chun níos mó a fhoghlaim faoin bPlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta agus ceisteanna a chur ar Oifigeach Bithéagsúlachta Chomhairle Contae Fhine Gall. Is féidir le daoine leasmhara clárú le haghaidh seisiúin eolais a bheidh ar siúl Dé Céadaoin, 15 Meitheamh agus Déardaoin, 23 Meitheamh ag https://consult.fingal.ie.

 

Tá an Chomhairle ag iarraidh ar an bpobal an plean a léamh agus a n-aiseolas a roinnt. Tá siad ag spreagadh daoine aonair agus eagraíochtaí a bhfuil suim acu i ngníomhú ar son na haeráide agus i gcaomhnú an dúlra chun páirt a ghlacadh i bpleanáil chun bithéagsúlacht a chosaint agus a fheabhsú do na glúnta atá le teacht. Tá an plean ar fáil le feiceáil ar líne agus in oifigí na Comhairle i Sord agus i mBaile Bhlainséir, agus is féidir aiseolas a chur isteach ar líne ag https://consult.fingal.ie nó trí ríomhphost chuig

[email protected] go dtí Dé Máirt, an 05 Iúil 2022. Is féidir aighneachtaí poist a sheoladh freisin agus is féidir treoracha don phróiseas seo a fháil ar líne.

.