5 Níos Mó Scoileanna Fhine Gall ag Cinntiú Maoiniú Bealaí Sábháilte chun na Scoile

D’fhógair an tAire Stáit sa Roinn Iompair, Hildegarde Naughton TD, in éineacht leis an Údarás Náisiúnta Iompair, níos luaithe an tseachtain seo go mbeidh 5 scoil bhreise i bhFine Gall san áireamh i gClár Bealaí Sábháilte chun na Scoile.

Rachaidh an dara babhta maoinithe seo i gClár Bealaí Sábháilte chun na Scoile chun sochair níos mó ná 100 scoil ar fud na tíre agus tá áthas ar Fhine Gall a fheiceáil go bhfuil 5 scoil san áireamh. Rachaidh na scoileanna seo le chéile ar liosta de 9 scoil eile i bhFine Gall a fuair maoiniú babhta 1 in 2021 agus a bhfuil obair ar bun agus, i gcásanna áirithe, críochnaithe cheana féin. Tá tionscnaimh Bealaí Sábháilte chun na Scoile á seachadadh freisin trí thionscadail bhonneagair straitéisigh Fhine Gall i gcóngar na scoileanna agus á gcur chun cinn tríd an bpróiseas pleanála. 

Seoladh an Clár Bealaí Sábháilte chun na Scoile chun aghaidh a thabhairt ar imní faoi shábháilteacht an bhóithre i gcomharsanacht bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna in Éirinn. Má dhéantar rochtain ar shiúl, ar rothar nó ar scútar níos sábháilte do leanaí cabhraíonn sé le teaghlaigh Taisteal Gníomhach a roghnú. Tá Comhairle Contae Fhine Gall tiomanta d’fheabhsaithe riachtanacha a dhéanamh agus bonneagar a shuiteáil chun tacú le Taisteal Gníomhach, rud a fhágann gurb í an chéad rogha do thurais áitiúla faoi 5km.

Chuir Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Howard Mahony, fáilte roimh an bhfógra. ‘Tá dul chun cinn suntasach déanta ag Comhairle Contae Fhine Gall ar Bhealaí Sábháilte chun na Scoile i mbliana agus tá áthas an domhain orm a chloisteáil go bhfuil 5 níos mó scoileanna le baint tairbhe as in 2023. Tá sé tuillte ag gach páiste taisteal go sábháilte chuig agus ón scoil gach lá agus rachaidh an maoiniú seo i dtreo scéimeanna deartha a bheidh deartha do shainriachtanais gach scoile, iad a dhéanamh níos sábháilte do gach duine sa phobal.’

Fógraíodh 5 scoil i bhFine Gall do bhabhta 2 de Bhealaí Sábháilte chun na Scoile:

  • Scoil Náisiúnta an Teaghlaigh Naofa, Sord
  • Scoil Bhríde Buachaillí, Baile Bhlainséir
  • Scoil Bhríde Cailíní, Baile Bhlainséir
  • Scoil Náisiúnta Shinsearach Naomh Helen, Port Mearnóg
  • Scoile Náisiúnta Naomh Cholmcille Cailíní, Sord

Deir an Stiúrthoir Seirbhísí na Rannóga Comhshaoil, Athraithe Aeráide agus Taisteal Ghníomhaigh, David Storey, go bhfuil an Clár Bealaí Sábháilte chun na Scoile riachtanach. ‘Is aoibhinn le leanaí dul ar scoil ag siúl nó ar rothar. Insíonn a gcuid múinteoirí dúinn go dtagann siad airdeallach agus go mbíonn siad gafa agus go dtéann sé seo chun sochair dá gcuid torthaí foghlama dá bharr. Tá a fhios againn freisin go bhfuil an timpeallacht níos sábháilte agus níos taitneamhaí do gach duine sa phobal nuair a bhíonn níos lú gluaisteáin ag geata na scoile agus mar sin tá áthas orainn an fógra a fheiceáil inniu agus táimid ag tnúth le bheith ag obair leis na scoileanna seo chun sábháilteacht an bhóithre a fheabhsú dá gcuid daltaí agus foirne.’

Is féidir leat níos mó faoi seo agus faoi tionscnaimh sábháilteachta an bhóithre ag https://www.fingal.ie/activetravel/roadsafety