Achainí nua ar úinéirí maoine i bhFhine Gall chun cóiríocht a chur ar fáil do mhuintir na hÚcráine

Tá achainí á dhéanamh ag Comhairle Contae Fhine Gall orthu siúd a bhfuil áitribh folaimh acu á dtairiscint mar thithíocht sealadach dóibh siúd atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin.

offer a home gaeilge

Tá achainí á dhéanamh ag Comhairle Contae Fhine Gall orthu siúd a bhfuil áitribh folaimh acu á dtairiscint mar thithíocht sealadach dóibh siúd atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin.

Is cuid de thionscnamh nua an Rialtais an achainí seo, atá faoi stiúir na n-údarás áitiúil, chun úsáid a bhaint as tithe, árasáin nó tithe saoire folaimh chun áiteanna cónaithe a chur ar fáil do mhuintir na hÚcráine agus a gcuid teaghlach.

Tá íocaíocht aitheantais saor ó cháin de €800 in aghaidh na míosa ar fáil d'aon réadmhaoin a úsáidtear chun cóiríocht a chur ar fail dóibh siúd atá ag teacht ón Úcráin. Tá an ráta íocaíochta seo i bhfeidhm ón 1 Nollaig 2022.

Tá breis agus 60,000 duine tar éis teacht go hÉirinn ón Úcráin ag lorg sábháilteachta agus tá cóiríocht de dhíth ar a bhformhór.

Faoin gclár nua seo, glacfaidh Comhairle Contae Fhine Gall tairiscintí ar thithe, ar árasáin nó ar thithe saoire mar chóiríocht shealadach, déanfaidh siad idirghabhail leis na húinéirí d'fhonn an oiriúnacht a mheas, agus déanfaidh siad á n-úsáid ag muintir na hÚcráine agus a gcuid teaghlach a shocrú.

Is féidir le húinéirí na maoine a gcuid tithe a thairiscint ag offerahome.ie nó is féidir leo teagmháil a dhéanamh leis an údarás áitiúil ina bhfuil an réadmhaoin suite.

Is féidir leo siúd a chuireann réadmhaoin ar fáil a bheith ag súil go rachaidh an t-údarás áitiúil i dteagmháil leo laistigh de 5 lá oibre ón tairiscint á dhéanamh acu agus déanfaidh an t-údarás áitiúil an réadmhaoin a mheas go luath ina dhiaidh sin. Déantar an measúnú chun a chinntiú go bhfuil an mhaoin ináitrithe agus chun roinnt sonraí a fháil ionas gur féidir á meaitseáil leis an duine nó leis an teaghlach is oiriúnaí.

Beidh éinne a chuireann maoin ar fail in ann an stádas a bhaineann léi a sheiceáil ag am ar bith ag an suíomh Gréasáin offerahome.ie.

Is achainí é seo ar réadmhaoin neamhspleách nach bhfuil éinne eile ina chónaí inti faoi láthair. Ba cheart go mbeadh riocht maireachtála ar an áitribh agus, más féidir, ar fáil ar feadh 6 mhí ar a laghad.

Cé nach mbeidh an cíos le híoc leo siúd atá an t-áitreabh á chur ar fail acu, tá íocaíocht aitheantais saor ó cháin de €800 in aghaidh na míosa ar fáil ón Roinn Coimirce Sóisialaí dóibh siúd a gcuireann cóiríocht ar fáil d’Úcránaigh.

Agus achainí á dhéanamh aige do mhuintir Fhine Gall réadmhaoin folamh a chur ar fáil, dúirt Robert Burns, Stiúrthóir Tithíochta agus Forbartha Pobail na Comhairle:

“Tá tacaíocht dochreidte léirithe ag muintir na hÉireann do mhuintir na hÚcráine. Tá a fhios againn go bhfuil fonn ar dhaoine cúnamh a thabhairt nuair is féidir leo agus, dá bharr sin, tá achainí á dheanamh againn ar éinne a bhfuil teach, árasán nó teach saoire acu nach bhfuil in úsáid acu faoi láthair smaoineamh ar á gcur ar fail dóibh siúd a bhfuil dídean agus sábháilteacht ón gcogadh uathu.

“Tuigimid go bhféadfadh sé eagla a chur orainn maoin a chur ar fáil d'éinne nach bhfuil aithne againn air. Sin an fáth go n-oibreoidh na húdaráis áitiúla i dteannta leat ar feadh an phróisis agus go mbeidh siad ar fail chun aon tacaíocht a thairiscint duit fad is a bhfuil do mhaoin á húsáid.

“Má tá áit cónaithe agat a bheidh folamh munach seo ar feadh an gheimhridh, smaoinigh le do thoil ar á thairiscint dóibh siúd a bhfuil géarghá acu le teach sábháilte a bheith acu ar feadh tamaill,” adúirt an tUasal Burns mar fhocal scoir.

Má tá maoin a thairiscint agat nó má tá tuilleadh eolais uait faoin scéim, féach ar https://offerahome.ie/.