Ag Leanúint Leis an nGníomhaíocht Choirp Le Linn Srianta Covid-19 a bheith i bhfeidhm in Éirinn
- 500,000 daoine breise atá ag siúl go rialta; 450,000 daoine breise atá ag rith go rialta; 220,000 daoine breise atá ag rothaíocht go rialta
- Laghdú 8% tagtha ar chéatadán na ndaoine fásta neamhghníomhacha i gcoinne na tréimhse céanna in 2019
- Tá leibhéil den ghníomhaíocht choirp féin-mheasta tuairiscithe ag daoine fásta atá gníomhach i bhfad níos airde, ar bhonn suntasach, i gcoinne le daoine fásta nach bhfuil gníomhach.
Tá Éireannaigh ag glacadh páirte i níos mó spóirt aonair agus siúlóide áineasa le linn na srianta COVID-19 a bheith i bhfeidhm. Is é sin príomhthoradh an taighde a d’fhoilsigh Spórt Éireann inniu, ina bhfuil borradh mór le brath faoin líon daoine atá ag siúl, ag rothaíocht agus ag rith ón tráth ar cuireadh na srianta i bhfeidhm i mí an Mhárta.
Sa taighde seo, a rinne Ipsos MRBI é thar ceann Spórt Éireann, tá sé nochta go bhfuil daoine fásta in Éirinn tar éis dul in oiriúint go han-mhaith chun leanúint ar aghaidh lena gcuid nósanna spóirt agus leis na nósanna atá acu maidir leis an siúl áineasa i rith na tréimhse deacra seo. Tá níos mó daoine fásta gníomhach anois ná mar a bhí roimhe seo, in ainneoin na srianta a bheith i bhfeidhm, agus tá sé suntasach as cuimse an méadú atá tagtha ar an méid siúlóide áineasa atá ar siúl.
Rinneadh an suirbhé i dtrí thonn: 28 Feabhra-9 Márta, 16-31 Márta; agus 1-13 Aibreán. Cuireadh tús leis an gcéim “Moille” den fhreagairt Éireannach ar Covid-19 an 12 Márta (dúnadh scoileanna, cuireadh teorainneacha le cruinnithe lasmuigh, ordaíodh ar dhaoine obair ón mbaile más féidir, srl) agus cuireadh tús le céim na srianta neartaithe “Fan sa Bhaile” an 27 Márta. Ghlac 1,009 freagróir páirt i dTonn 1 agus 3, agus ghlac 1,003 páirt i dTonn 2.
Faoin am a reáchtáladh Tonn 3, bhí 78% de dhaoine fásta in Éirinn ag tuairisciú go raibh siad ag siúl chun críocha áineasa uair amháin sa tseachtain, ar a laghad. Is ionann sin agus 500,000 siúlóir áineasa rialta breise i gcomparáid le líon na siúlóirí a tuairiscíodh le linn mhí an Mhárta agus mhí Aibreáin 2019.
Tá méadú mór tagtha faoin líon daoine atá ag rith agus ag rothaíocht chomh maith i gcoinne na tréimhse céanna an bhliain seo caite. Taispeántar sa taighde go bhfuil sé seo cothrom le 450,000 daoine breise atá ag rith go rialta breise agus 220,000 rothaí breise rialta.
Fuarthas sa taighde gur beag nach bhfuil aon bhearna inscne ann ar chur ar bith i ndáil leis an ngíomhaíocht sa spórt faoi láthair; mar sin féin, tá tionchar an aicmithe sóisialta sa spórt fós chomh láidir is mar a bhí riamh.
Chuir an tAire Stáit Turasóireachta agus Spóirt, Brendan Griffin TD, fáilte roimh an bhfoilseachán: “Tá torthaí an taighde a choimisiúnaigh Spórt Éireann thar a bheith dearfach ar fad. Le linn na haimsire éiginnte nach raibh a leithéid de ann riamh go dtí seo, is údar mór misnigh é dúinn go bhfuil daoine fásta in Éirinn ag iarraidh aire a thabhairt dá sláinte agus dá bhfolláine féin. Tá sé tábhachtach go leanfar leis go ndéanfadh daoine amhlaidh trí pháirt ghníomhach a ghlacadh sa spórt agus sa ghníomhaíocht choirp, agus aird tugtha acu don riachtanas atá ann glacadh leis na srianta riachtanacha maidir leis an scaradh coirp agus an raon 2km.
“Is maith é an laghdú atá tagtha ar líon na ndaoine nach bhfuil gníomhach chomh maith agus réitíonn sé sin leis na bearta atá leagtha amach sa Bheartas Spóirt Náisiúnta. Molaim an obair iontach atá á déanamh ag na Comhlachtaí Rialaithe Náisiúnta don Spórt agus Líonra Comhpháirtíochta Spóirt Áitiúil Spórt Éireann maidir leis na deiseanna agus an treoir atá curtha ar fáil acu ar conas a bheith gníomhach ó thaobh coirpe de. Leanfar leis go mbeidh ról suntasach ag na heagraíochtaí seo chun muintir na hÉireann a choimeád ag glacadh leis an gníomhaíocht choirp agus ag dul leis an spórt a luaithe is a ndéantar réidh leis na srianta atá i bhfeidhm faoi láthair na huaire.”
Mar thoradh ar an ngníomhaíocht mhéadaithe seo, bhí céatadán na ndaoine fásta neamhghníomhacha síos go dtí 14% faoin am ar reáchtaladh tonn 3, i gcomparáid le 19% i dtonn 1, agus 22% i Márta/Aibreán 2019.
Dúirt Príomhfheidhmeannach Spórt Éireann, John Treacy: “Díreach mar atá i ngach aon réimse den tsochaí, ní hionann an timpeallacht spóirt reatha agus mar a bhí beartaithe againn ag tús na bliana. Cé go bhfuil ár bpáirceanna imeartha, ár staidiam agus ár n-áiseanna oiliúna folamh follasach i láthair na huaire, is údar misnigh dúinn go bhfuil sé tugtha le fios san fhianaise atá ann go bhfuil daoine ag cur dul le siúlóidí áineasa go rialta agus le gníomhaíochtaí aonair eile in ionad na ngníomhaíochtaí spóirt a bhíonn acu de ghnáth. Mar gheall ar na méaduithe atá tagtha ar an méid atá daoine ag siúl, ag rith agus ag rothaíocht, fágtar go bhfuil na leibhéil fhoriomlána rannpháirtíochta sa spórt mar an gcéanna, a bheag nó a mhór, leis an méid a bhí á dhéanamh acu le linn na tréimhse céanna in 2019. Tá earnáil an spóirt tar éis freagra gasta a thabhairt don staid cúrsaí atá tar éis teacht i bhfeidhm, agus cláir agus tionscnaimh nuálacha á bhforbairt san earnáil sin chun cabhrú le daoine fanacht gníomhach ar bhealach atá sábháilte."
Is mó seans go ndéanfadh na daoine sin atá gníomhach a lua go bhfuil a gcuid sláinte choirp i bhfad níos fearr ná na daoine sin nach bhfuil gníomhach, rud a léiríonn an ról tábhachtach atá ag spórt agus gníomhaíocht choirp san iarracht chun an tsláinte a chur chun cinn ar bhonn náisiúnta.
Dúirt Kieran O’Leary, Stiúrthóir Ipsos MRBI, an comhlacht a rinne an taighde: “Is é an rud atá suimiúil faoin taighde seo ná go léiríonn sé an tslí a bhfuil acmhainneacht ag muintir na tíre seo oiriúnú chun dul i ngleic le srianta suntasacha atá tugtha isteach, agus aghaidh a thabhairt ar cur isteach nach beag é ar an saol laethúil. Tá laghdú feicthe againn ar an líon ndaoine atá ag glacadh páirte sa spórt agus sa ghníomhaíocht choirp idir tonn 1 agus tonn 2 den taighde, agus ansin tháinig borradh suntasach fúthu i dtonn 3. Tugann sé seo le tuiscint gur lorg daoine gníomhaíochtaí malartacha le cur isteach in ionad na ngníomhaíochtaí rialta a bhí acu roimhe sin, a raibh tionchar ag na srianta orthusan. Tá sé léirithe sa taighde gur rudaí móra iad an spórt agus an ghníomhaíocht choirp i saol na ndaoine go deo, in ainneoin na ndúshlán atá ann mar gheall ar staid cúrsaí mar atá sé faoi láthair."