Ag ullmhú áitreabh do ghnó don Gheimhreadh má tá sé folamh le linn srianta Covid-19

Image of frozen pipes

Tá gnóanna ag tabhairt aghaidh ar éiginnteacht na srianta leanúnacha le linn na tréimhse reatha den éigeandáil sláinte poiblí seo. Ba mhaith linn a dhearbhú duit, go bhfuil Uisce Éireann i gcomhpháirtíocht leis na hÚdaráis Áitiúla ar fud na tíre ag obair go crua chun do sheirbhísí riachtanacha uisce óil agus fuíolluisce a chothabháil i gcomhréir le comhairle agus treoir FSS agus na Roinne Sláinte.

Le linn na tréimhse fuar le déanaí bhí teochtaí faoi bhun an reophointe againn thar roinnt laethanta, ag méadú líon na bpíobán agus na bpléascthaí uisce reoite. Is féidir le húinéirí gnó cabhrú leis na saincheisteanna seo, deisiúcháin chostasacha agus cur isteach ar sholáthar uisce a sheachaint, trí chúpla beart coisctheach a dhéanamh.

Cé go bhfuil go leor áitribh ghnó folamh ar feadh tréimhsí fada le linn srianta Covid-19, tá sé tábhachtach leanúint de chothabháil rialta a dhéanamh ar d’fhoirgnimh le linn míonna an gheimhridh go háirithe. Tá cúpla bealach ann chun uisce a mhúchadh i d’áitreabh; is féidir é a dhéanamh tríd an bpríomhlíne a mhúchadh ag an mbuacaire nó an chomhla a dhúnadh taobh leis an méadar sa bhosca méadair uisce.

Fad is atá áitreabh folamh, tá sé níos tábhachtaí fós foirgnimh a sheiceáil go rialta le haghaidh sceitheanna laistigh agus lasmuigh agus chun aon sconnaí seachtracha atá ag sileadh a dheisiú mar is féidir leis an uisce reo ar an talamh agus tá an seans ann go sleamhnófaí nó go dtitfí.

Má tá tuilleadh comhairle nó tacaíochta á lorg agat chun cuidiú le do chóras uisce a chothabháil, tá seirbhísí uisce tráchtála agus gnóanna braite sceite a fheidhmítear go príobháideach a thairgeann raon seirbhísí tacaíochta.

Nó, má fhágtar an córas uisce ag feidhmiú, b’fhéidir go smaoineofá ar an téamh a shocrú chun teacht air go tréimhsiúil ag teocht níos ísle. Ligeann sé seo d’aer te dul timpeall, agus cabhróidh sé le píobáin agus umair a chosc ó reo san aimsir fhuar. Féadann doirse inmheánacha a oscailt chun ligean d’aer dul timpeall in áiteanna neamhthéite den fhoirgneamh cabhrú le píobáin agus umair a chosc ó reo freisin.  Déan cinnte go bhfuil do phíobáin uise inmheánacha agus seachtracha agus umair uisce inslithe go maith. Ní gá go seachnóidh rith do sconnaí go leanúnach píobáin ó reo agus d’fhéadfadh go mbeadh tuilte mar thoradh air.

Is féidir le hÚinéirí Gnó agus foirne Cothabhála níos mó a fhoghlaim faoi conas déileáil leis an aimsir fhuar ar ár rannáin Cosaint Síondíonach an Gheimhridh agus Píobáin Reoite agus Pléasctha

Is féidir leat eolas a fháil faoi d’áitreabh oibre a athoscailt go sábháilte ar ár rannán nuashonruithe COVID-19.

Má tá aon saincheisteanna agat maidir le seirbhís uisce nó fuíolluisce, glaoigh ar Fhoireann Cúraim Custaiméirí Uisce na hÉireann ar 1850 278 278. Tá na línte oscailte 24/7.